Skip to main content

Comhrá ‘20: Ó Ghaeltacht Mhaigh Eo go dtí an tSeapáin ?

 

Máiréad Ní Mhaonaigh (Altan) chun tús a chur leis an bhfeachtas idirnáisiúnta in Aerfort Dhún na nGall

Comhra20Tá áthas an domhain ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh na céadta daoine ag glacadh páirte i gComhrá ‘20 atá á sheoladh inniu, an Mháirt 13 Deireadh Fómhair 2020. Táthar ag súil le comhrá Gaeilge, a rachaidh ar fud an domhain thar trí lá - ó Scoil Náisiúnta Cheathrú Thaidhg i nGaeltacht Mhaigh Eo chomh fada leis an tSeapáin.

Mar chuid den fheachtas idirnáisiúnta seo bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá, stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte. Beidh an comhrá ag taisteal fud fad Meiriceá, thíos go dtí an Nua-Shéalainn agus thar nais go dtí an Ghaeltacht Sur-Seine i bPáras. Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a chruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain agus pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile le linn na paindéime.

Deir Eilís Docherty, Bainisteoir Oibríochta, Aerfort Dhún na nGall:

“Táimid ag súil go mór le tús a chur le Comhrá ‘20 anseo sna Rosann in Aerfort Thír Chonaill. Is geata isteach chun na Gaeltachta muid agus mar an gcéanna le Comhrá bímid ag nascadh Gaeilgeoirí lena chéile ar fud an domhain.”

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Bhaineamar ar fad leas níos mó as uirlisí teicniúla le linn Covid-19 chun ceangal a dhéanamh le daoine ar fud an domhain. Chuidigh siad leis na ciorcail chomhrá a choinneáil ar siúl i rith na dianghlasála agus le linn Comhrá ‘20 táimid ag súil le leas a bhaint astu arís chun cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain a tharraingt le chéile. I mbliana don chéad uair beidh tráth na gceist beo againn oíche Mháirt. Tabharfaidh sé seo deis do dhaoine nach bhfuil cláraithe do Chomhrá bheith páirteach ann fós. Beidh sé á chraoladh beo againn ar Facebook Sheachtain na Gaeilge ag 21:00.”

Is féidir an comhrá ar fad a leanúint ar www.snag.ie agus is féidir leat idirghníomhú leis na rannpháirtithe ar na meáin shóisilata leis an haischlib #Comhrá20

TUILLEADH EOLAIS & GRIANGRAF

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide

+353 87 6338931 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Ag craoladh beo: www.snag.ie

AR FÁIL LE hAGHAIDH AGALLAIMH:

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta

+353 (0)85 7759639 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Ilmheán agus Feachtais Feasachta

+353 (0)86 3352220 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.