Skip to main content

€27,000 Grants Raidió Rí-Rá The Chance To Build Its Own Studio! (2)

Is cúis ollmhór áthais í do Raidió Rí-Rá go bhfuil deontas €27,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley TD go hoifigiúil inniu (16 Lúnasa 2012), deontas a chuirfidh ar chumas an chairtstáisiúin Ghaeilge stiúideo dá chuid féin a fhorbairt agus seirbhís níos fearr a sholáthar do dhaoine óga.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Is mór againn an t-aitheantas atá tugtha ag an Aire Gaeltachta do Raidió Rí-Rá le ceadú an deontais shuntasaigh seo inniu, agus tuiscint aige ar an ról ríthábhachtach a imríonn an cairtstáisiún seo i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an aosa óig in Éirinn.

"Spreagann Raidió Rí-Rá daoine óga leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga, agus cuiridh an deontas seo go mór le cumas an stáisiúin seirbhís raidió Ghaeilge den chéad scoth a chur ar fáil don phobal ar fud an oileáin.

"Beimid in ann níos mó cláracha beo agus tuilleadh míreanna spreagúla nua a chraoladh ar Raidió Rí-Rá anois, mar aon le háiseanna agus podchraoltaí breise a sholáthar ar-líne ag www.rrr.ie agus tríd an bhfeidhmchlár iPhone s'againn."

Tá Raidió Rí-Rá maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge ó bunaíodh an cairtstáisiún ceoil i 2008.

Thosaigh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008 agus ó shin i leith, tá seal caite ag an gcairtstáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach le linn Sheachtain na Gaeilge 2009, 2010 agus 2011, buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an gcóras Craoladh Fuaime Digití (DAB) i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge le mí anuas leis, agus tá súil ag an ógstáisiún an tseirbhís DAB seo a leathnú go Corcaigh agus Luimneach faoi cheann dheireadh na bliana leis an deontas seo.

Tá pleananna ag Raidió Rí-Rá an tseirbhís úr DAB a leathnú amach ar fud na tíre amach anseo agus súil acu seirbhís raidió Ghaeilge don aos óg a sholáthar ar an gcóras teilifíse digití agus ar an gcóras FM náisiúnta go lánaimseartha chomh maith, sprioc a chabhróidh an deontas a ceadaíodh inniu go mór lena haghaidh.

Seinneann Raidió Rí-Rá na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Nokia, ar ghutháin Android tríd an bhfeidhmchlár TuneIn, agus ar an gcóras DAB.

TUILLEADH EOLAIS:

Traic Ó Braonáin
Cathaoirleach, Raidió Rí-Rá
+353 (0)87 6993439 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Rúnaí, Raidió Rí-Rá
+353 (0) 1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge.Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Bhí Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh i Márta 2009, 2010 agus 2011 (agus i Luimneach i 2009 agus 2010), buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá an cairtstáisiún le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Nokia, ar ghutháin Android tríd an bhfeidhmchlár TuneIn, agus anois ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge ón 01 Iúil 2012; beidh sé ar fáil ar an DAB i gCorcaigh agus i Luimneach faoi cheann dheireadh 2012 chomh maith. Tá sé beartaithe ag Raidió Rí-Rá craoladh ar an gcóras teilifíse digití amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB freisin.

Bíonn meán de bhreis agus 4,000 duine ag éisteacht le Raidió Rí-Rá ar-líne ar fud na cruinne gach mí ar www.rrr.ie - líon a ardaíonn go suntasach nuair atá an stáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM - agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn na gcraolachán beo. Tá Raidió Rí-Rá ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta Ghaeilge a ritear thar thréimhse coicíse i Márta gach bliain.

Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláracha le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.