Skip to main content

Coláistí samhraidh ar ceal - ach leanann an Comórtas Amhrán Tí ar aghaidh

COMORTASAMHRANT1Tá an eispéaras Gaeltachta fíorúil, Gaeltacht X, agus RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan ag réiteach le bearna na gcoláistí a líonadh

Tá riméad ar Gaeltacht X (GX) agus RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan a fhógairt go mbeidh an Comórtas Amhrán Tí fós ag leanúint ar aghaidh, cé go bhfuil na coláistí samhraidh dúnta don samhradh, beo ar an aer ar RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan.

Bhiodh comórtas na n-amhrán tí i gcónaí mar bhuaicphointe dóibh siúd a chaith a gcuid samhraidh i gceantair Ghaeltachta ó Chorca Dhuibhne, go Leitir Meallain go Rann na Feirste. Tá GX agus 2FM ag lorg leaganacha Gaeilge d’amhráin chlúiteacha nó amhráin nuachumtha ó dhaoine óga, ina n-aonar nó tríd Tigh a chur le chéile agus iad a thaifead thar Zoom nó módh taifeadta eile a chloíann leis an scairiúnt sóisialta. Beidh duais seachtainiúil ann de €300 agus €1000 don ollbhuaiteoir ag deiridh an chomórtais théis 5 seachtaine, ag críochnú an tseachtain 17 Lúnasa.

Dúirt Eoghan McDermott, Láithreoir ar RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan;

“Is iomaí amhráin tí atá scríofa agam - agus buaite (nílim ach ag magadh - ach ghlac mé páirt in an-chuid!) mar sin is iontach an rud é gur féidir lenár gclár agus Gaeltacht X an deis seo a thabhairt do dhaoine óga atá ag cailliúint amach ar a n-eispéaras choláiste samhraidh i mbliana. Is iad cruthaitheacht, spiorad agus craic na tréithe a bheidh á lorg agam sna hamhrán le ionadaíocht a dhéanamh ar Thigh Eoghain.”

Gach seachtain roghnófar dhá amhran le hionadaíocht a dhéanamh ar son ‘Tigh Eoghain’ agus ar son ‘Tigh Dhoireann’. Seinnfear ar an gclár bricfeásta maidin Dé Máirt iad, agus ansin osclófar pobalbhreith poblí ar chuntas Instagram Gaeltacht X (@gaeltachtx). Beidh 24 uair a chloig ag ag na héisteoirí agus na leantóirí vóta a chaitheamh ar son an amhráin is fearr leo sula a fhógrófar an buaiteoir ar an gclár Dé Céadaoin. Beidh Raidió Rí-Rá, an cairt stáisiúin do dhaoine óga, ag tacú leis an togra chomh maith tríd cuidiú leis na gearrliostaí a roghnú.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Príomhléiritheoir de Gaeltacht X;

“Tá Gaeltacht X ag ofráil blaiseadh den eispéaras Gaeltachta do dhéagóirí an samhradh seo, idir chomórtais, mholtaí ar conas níos mó Gaeilge a úsáid go laethúil, chiorcail chomhrá ar líne agus neart ábhair eile thar Instagram, TikTok agus Zoom. Tá áthas an domhain orainn a bheith ag obair in éineacht le RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan ar an gcomórtas iontach amhránaíochta seo, An Comórtas Amhrán Tí.”

Is féidir amhráin a sheoladh isteach ón lá inniu go dtí Dé hAoine, 10 Lúnasa. Roghnófar amhráin, áfach, do Thigh Eoghain agus Tigh Dhoireann ar bhonn seachtainiúil - mar sin is luaithe a sheolfar isteach d’iarratas, is mó seans go roghnófar é. Rachaidh an chéad bhabhta d’amhráin amach ar an aer Dé Máirt, 23 Iúil. Seol iarratais go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Nóta don eagathóir: Is ardán ar líne é Gaeltacht X, éascaithe ag Conradh na Gaeilge le blaiseadh den eispéaras choláiste samhraidh a thabhairt do dhaoine óga sa bhaile, le láithreacht agus lárnú a dhéanamh ar an teanga agus an domhan mór athruithe thar timpeall orainn. Cuireann Gaeltacht X ábhair, craic agus pobal ar fáil do dhéagóirí na tíre. Tá Gaeltacht X á n-eagrú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Roinn Meáin, Turasóireacht, Ealaíon, Cultúr, Spóirt agus Gaeltachta.

Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie/gx

instagram.com/gaeltachtx

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.