Skip to main content

Díomá nár fhág an Taoiseach freagracht na Gaeltachta faoi Aire Sinsearach amháin mar a iarradh air déanamh ach anois go bhfuil Aire Sinsearach agus Aire Stáit le Gaeilge ceaptha tá sé in am gníomhú

Conradh na Gaeilge ag súil leis go ndéanfaidh an tAire Sinsearach agus an tAire Stáit beart de réir briathair le cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó thaobh maoinithe, cearta agus stádais de.

Cé nach é an socrú iomlán a raibh Conradh na Gaeilge ag feachtasaíocht ar a son agus go bhfuil díomá ar an eagraíocht faoi sin, táimid ag súil le bheith ag obair leis an Aire Sinsearach, Catherine Martin, agus leis an Aire Stáit & Príomhaoire, Dara Calleary, a ceapadh le cúpla lá anuas, líofa sa teanga agus tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a chur chun cinn.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Ábhar dóchais úir a bhí ann do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a ceapadh Catherine Martin mar Aire Sinsearach agus is ríthábhachtach go mbeidh tionchar, cumhacht agus údarás aire shinsearaigh taobh thiar de na cinntí a dhéanfar faoin teanga as seo amach. Guíonn an Conradh gach rath ar Dara Calleary, Aire Stáit na Gaeilge, Gaeltachta agus Spóirt, a ceapadh aréir mar chuid den socrú nua. Agus an baol i gcónaí ann go bhfágfar ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an trá fholamh, táimid ag súil leis go mbeidh an bheirt Aire ag obair as lámh a chéile in ionad na cumhachtaí a bheith tarmligthe ón Aire Sinsearach go dtí an Aire Stáit amháin faoi mar a tharla sna Rialtais éagsúla ó 2011”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Beidh na hAirí in ann gníomhú as lámh a chéile láithreach bonn chun cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tríd Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú le spriocdhátaí do na forálacha is tábhachtaí sa bhille agus cinntiú go mbeidh maoiniú sásúil curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne, rud nach raibh déanta ó 2008”

Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an dá Aire go luath leis na hábhair seo, an clár rialtais, éigeandáil sa Ghaeltacht - ar nós na forbraíochta tithíochta a ceadaíodh i Ráth Cairn le déanaí, agus eile a phlé leo. Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas #AireSinsearach #Anois.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.