Skip to main content

An-fháilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh cheapachán Catherine Martin TD mar Aire Sinsearach ar chúrsaí Gaeltachta

Tá deimhniú á lorg againn, áfach, nach dtarmligfear freagracht don Ghaeltacht ar Aire Stáit, mar a tharla roimhe seo le 9 mbliana anuas

Chuir Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh cheapachán Catherine Martin TD mar Aire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta Dé Sathairn, 27 Meitheamh. Tá spéis agus tuiscint léirithe ag an Aire Martin ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ó a thosaigh sí i nDáil Éireann agus tá an eagraíocht an-sásta go mbeidh deis aici tabhairt faoi na dúshláin atá ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a shárú.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid sásta le ceapachán an Aire Catherine Martin mar Aire Sinsearach ar chúrsaí Gaeltachta. Tá Catherine i ndiaidh labhairt amach go láidir sa Dáil roimhe seo maidir leis na dúshláin atá sa Ghaeltacht go háirithe agus táimid ag súil leis go mbeidh sí in ann gníomhú anois leis na dúshláin sin a shárú agus beart a dhéanamh de réir a briathair. Gabhaimid comhghairdeas léi agus táimid ag súil le bheith ag obair léi sna blianta atá amach romhainn.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Bhí an pobal Gaeilge agus Gaeltachta an-ghníomhach i rith an olltoghcháin, agus táimid gníomhach ó shin, ag éileamh go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeltacht líofa sa Ghaeilge. Tá sin bainte amach anois ach tá deimhniú fós ag teastáil nach dtarmligfear freagracht na Gaeltachta d’Aire Stáit. Tá an deimhniú seo ríthábhachtach le cothrom na féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an ngealltanas a thug an Taoiseach nua, Micheál Martin, TD Dé Sathairn go dtabharfaidh an Rialtas suntas nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus treislímid leis as a bheith tofa mar Thaoiseach. Tá cur chuige uile Rialtais geallta sa Chlár Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus tá an Conradh ag súil len ár ról a imirt san obair ríthábhachtach seo. 

Aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil réimse leathan cúraimí luaite leis an Aire nua agus cé go mbeidh obair mhór le déanamh chun cinntiú go dtabharfar cothrom na féinne don Ghaeilge & don Ghaeltacht beidh deiseanna againn chomh maith ceisteanna mar a bhaineann leis an nGaeilge agus na meáin, an spórt, an turasóireacht agus eile a chur chun tosaigh leis an Aire nua.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.