Skip to main content

‘Fáilte roimh an chiste cúitimh atá fógartha do mhná tí agus do na coláistí samhraidh Gaeltachta’ - Conradh na Gaeilge

28 Bealtaine 2020

Tacaíocht cinntithe ag an Aire na Gaeltachta, Seanadóir Seán Kyne, le dul i ngleic le dúshláin an tsamhraidh 2020 agus bunús a chur faoi athoscailt 2021

Tá fáilte curtha ag Conradh na gaeilge roimh an chiste cúitimh fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, agus na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht curtha ar ceal an samhradh seo. Cuireadh in iúl tráthnóna (Déardaoin 28 Bealtaine) go bhfuil ciste beart éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m é ceadaithe chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht, a bheas roinnte idir na mná tí (€1.6m) agus na coláistí iad féin (€3.1m).  

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Bhí agus tá na coláistí samhraidh riachtanach má tá seans ar bith le bheith ag an Ghaeltacht agus tá siad riachtanach fosta chun meas a chothú i measc foghlaimeoirí ar an teanga. Tá sé de dhualgas orainn uile mar phobal Gaeilge an fód a sheasamh ar son mhuintir na Gaeltachta, caomhnóirí an dúchais agus na hoidhreachta agus chuige sin cuirimid fáilte roimh chinneadh seo an rialtais agus gabhaimid buíochas faoi leith le Seán Kyne as ucht a chuid oibre chun an pacáiste seo a dheimhniú”.

Deir Cathaoirleach na Meithle Gaeltachta ag Conradh an Gaeilge, Mairéad Ní Fhátharta:

“Is cinnte gur ábhar faoisimh é seo do na mná tí agus na coláistí samhraidh i mbliana. Cé nach gclúdóidh seo ach ceatadán an-bheag den airgead a chaillfear an samhradh seo sna ceantair Ghaeltachta, is cinnte go gcuideoidh sé leo siúd a bheas thíos le dúnadh na gcoláistí samhraidh agus leis an gcailliúint airgeadais. Beidh an tacaíocht seo, agus go leor eile, de dhíth agus iarrachtaí ar bun na coláistí agus na ceantair Ghaeltachta a ullmhú le haghaidh athsocailt samhraidh 2021 agus tá súil agam go mbeidh an ciste cúitimh seo mar bhunús le tabhairt faoin obair sin le dóchas agus le díograis.”

Tá moladh ag dul don Aire agus do Roinn na Gaeltachta as feidhmiú ar bhuairt gcoláistí agus na mná tí. Chomh maith leis sin, tá moladh ag  dul do CONCOS, polaiteoirí sa fhreasúra, baill den Chonradh agus gach duine eile a chabhraigh leis an gciste ríthábhachtach seo a bhaint amach.

Beidh Conradh na Gaeilge ag plé mionsonraí na scéime cuitimh le CONCOS, na mná tí agus eile sna seachtainí os ár gcomhair agus cuirfidh muid gach cúnamh ar fáil chun athoscailt na gcoláistí samhraidh i 2021 a chinntiú.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.