Skip to main content

Caint & Comhrá: Breis agus 50 ciorcal comhrá ag feidhmiú ar líne

CaintComhra50

 

Foireann Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta ag obair leis an bpobal chun a gciorcail chomhrá a bhogadh ar líne

Tá fógartha inniu ag Conradh na Gaeilge agus foireann Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta go bhfuil níos mó ná caoga (50) ciorcal comhrá ag feidhmiú ar líne anois mar chuid den ghréasán ‘Caint & Comhrá’. Ó thús na géarchéime táimid ag cabhrú le daoine de gach aois a gciorcal a chur ar líne agus iad a chumasú leis na ciorcail seo a bhainistiú.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Tá sé an-tábhachtach go mbeimid mar eagraíocht ag tabhairt cúnaimh do na ciorcail chomhrá. Táimid ag cuidiú le grúpaí agus á gcumasú le gur féidir leo leanúint lena gciorcail. Is imeachtaí sóisialta tábhachtacha iad na ciorcail do dhaoine ó gach aoisghrúpa, go háirithe agus sinn sa bhaile faoi láthair." 

Dúirt Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ilmheán agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Anois, níos mó ná riamh, agus daoine ar fud an domhain ag cleachtadh scaradh sóisialta, tá an domhan fíorúil an-tábhachtach do dhaoine chun iad a nascadh lena chéile. Taispeánann na ciorcail don domhan cé chomh láidir is atá pobal na Gaeilge ar líne. Mholfainn do ghrúpa ar bith triail a bhaint as agus a gcuid Gaeilge a úsáid.”

Tá liosta de na ciorcail chomrá ar fáil ag https://peig.ie/caint/. Is féidir le haon chiorcal comhrá clárú linn - níl gá ach ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

BREIS EOLAIS:


Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Ilmheán agus Feachtais Feasachta

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta 

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide 

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.