Skip to main content

Seirbhís aistriúcháin á seoladh ag Conradh na Gaeilge inniu

 

LógóCnaGAistriúchánBeag

Forbairt ollmhór don eagraíocht le linn géarchéime

Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge a fhógairt go bhfuil seirbhís aistriúcháin á seoladh ag an eagraíocht inniu, Dé Luain, an 27 Aibreán. Seirbhís úr atá i gceist atá ina céim chun cinn don eagraíocht agus atá á forbairt le tamall anuas.

Is féidir linn cáipéis de gach saghas agus gach fad a aistriú, ó cháipéisí dlíthiúla go fógraí margaíochta. Tá sé d’achmhainn ag an tseirbhís téacsanna a aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge, ag teacht leis an gCaighdeán Oifigiúil, 2017.

Dúirt Niall Comer, uachtarán Chonradh na Gaeilge, “Tá an chéad chéim eile i bhforbairt na heagraíochta á glacadh againn agus tús á chur againn le seirbhís aistriúcháin nua de chuid Chonradh na Gaeilge. Le blianta anuas tá éileamh ar sheirbhísí aistriúcháin ag méadú agus táimid an-sásta seirbhís aistriúcháin Chonradh na Gaeilge a sheoladh anois le freastal ar an éileamh sin.”

Dúirt Dónal Ó Gallachóir, feidhmeannach ilmheán agus aistriúcháin le Conradh na Gaeilge, “Le roinnt míonna anuas táimid ag obair ar mhaithe leis an tseirbhís seo a chur le chéile agus a fhorbairt agus táim féin an-sásta anois toradh na hoibre sin a fheiceáil agus an tseirbhís aistriúcháin á poibliú againn. Táimid ag súil le seirbhís luachmhar a chur ar fáil do dhaoine gur spéis leo a gcuid ábhair a aistriú. Tá painéal d’aistritheoirí oilte againn a bhfuil taithí na mblianta ag aistriú acu.”

Cuirfear fáilte roimh ábhar de gach saghas, níl aon cháipéis rómhór nó róbheag. Is féidir meastachán a fháil inniu ar cnag.ie nó teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá aon fhiosrúchán agat.

BREIS EOLAIS:
Dónal Ó Gallachóir

Feidhmeannach ilmheán agus aistriúcháin

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn

Ardrúnaí

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

00 353 86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar an 31 Iúil 1893. Tá ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son cearta teanga; feachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; tacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.