Skip to main content

Na Coláistí Samhraidh curtha ar ceal i mbliana

Cinnteacht maidir le tacaíocht agus cúiteamh do na mná tí, do na coláistí agus don Ghaeltacht á héileamh ag Conradh na Gaeilge

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, go bhfuil na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht curtha ar ceal don samhradh seo. Ní raibh aon rud luaite i ráiteas oifigiúil na Roinne, áfach, maidir le pacáiste tacaíochta nó cistí cúitimh do na mná tí, do na coláistí féin nó do na ceantair Ghaeltachta féin, a bheas buailte go trom ag an gcinneadh seo i mbliana.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"In ainneoin go raibh barúil mhaith ann le tamall nach mbeadh na Coláistí Samhraidh ag tarlú i mbliana is buille ollmhór é seo do na ceantair Ghaeltachta, do mhná na dtithe agus do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath chomh mór sin ar ioncam an tsamhraidh. Le linn blianta fada agus gan cothrom na Féinne a bheith ag muintir na Gaeltachta, ba iad na Coláistí Samhraidh a choinnigh bladhaire an dóchais ar lasadh. Is tábhachtaí ná riamh go socraíonn an Rialtas scéim cúitimh dóibh siúd a bheas thíos leis seo - go háirithe mná na dtithe agus lucht eagraithe na gcoláistí. Ná fanadh an Rialtas seachtain eile chun teacht ar réiteach - tá cinnteacht de dhíth anois. Ná múctar bladhaire an dóchais!”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Beidh impleachtaí móra aige seo ar an Ghaeltacht trí chéile agus beidh brú mór anois ar na coláistí samhraidh maidir le haisíoc éarlaisí, maidir le heagrú cúrsaí 2021 agus maidir le spreagadh mná tí agus scoláirí don bhliain seo chugainn. Bíonn billí móra leanúnacha ag na coláistí féin, a bhíonn ag bráth ar tháillí na gcúrsaí samhraidh chun na foirgnimh agus costais eile, ar nós árachais, a chlúdach ó cheann ceann na bliana. Má tá na coláistí seo chun leanúint ar aghaidh go 2021 agus amach anseo beidh tacaíocht mhór de dhíth orthu anois. Luaitear na coláistí samhraidh mar bhunchlocha lárnacha áitiúla i go leor de na pleananna teanga, mar fhoinse lárnach caomhnaithe teanga agus mar thiománaithe ioncaim agus eacnamaíochta sna ceantair Ghaeltachta. Idir na pleananna teanga, agus an Straitéis Fiche Bliain, tá dualgas ar an stát an chosaint agus tacaíocht phráinneach atá anois de dhíth a chur ar fáil agus sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille.”

Beidh cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Stáit Seán Kyne amárach chun seo agus cúrsaí eile a phlé. 

BREIS EOLAIS:
Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge

091 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide ó thuaidh, 

Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

004477 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.