Skip to main content

Rogha & Togha an Chultúir in Uimhir 6!

Is é Uimhir 6 Sráid Fhearchair lárionad Gaeilge na príomhchathrach agus beidh an foirgneamh stairiúil lán le ceol, ealaín, spórt agus spraoi trí Ghaeilge mar chuid den Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath oíche Aoine, 21 Meán Fómhair 2012!

Bíonn turas treoraithe dátheangach thart timpeall an tí ar an gclár don Oíche Chultúir gach bliain ó tá Uimhir 6 ar cheann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair, agus beidh Caoimhín Ó Cadhla ar fáil arís i mbliana le scéalta faoin gCairdinéal John Newman, Michael Collins agus Art Ó Gríofa a insint don phobal gach 30 nóiméad ó 5.00 - 11.00in ar 21 Meán Fómhair 2012.

Dar le Daragh Ó Tuama, Cathaoirleach Choiste Uimhir 6: "Is fiú go mór le duine ar bith le spéis sa stair an deis seo a thapú chun súil a chaitheamh ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair ar an Oíche Chultúir 2012, chun cluas a chur leis na scéalta a bhaineann leis agus chun amharc ar tholláin éalaithe an IRB atá fós le feiceáil faoin bhfoirgneamh, mar shampla. Ní minic gur féidir le háit a mhaíomh go bhfuil stair chomh leathan agus chomh tábhachtach aige agus atá ag lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath, agus tá réimse imeachtaí iontacha eile ar siúl in Uimhir 6 dóibh siúd le spéiseanna eile freisin."

Seo an cúigiú bliain as a chéile go bhfuil siamsaíocht don chlann ar fad á sholáthar do phobal na príomhchathrach ag na heagrais Ghaeilge in Uimhir 6 mar chuid den cheiliúradh bliantúil ar chultúr náisiúnta na tíre. Sa bhreis ar an turas treoraithe ar Uimhir 6, beidh seisiún ceoil ins An Siopa Leabhar agus i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Oíche Chultúir, mar aon le ceardlann rince ar leith arna eagrú ag Seachtain na Gaeilge ó 8.00 - 9.00in. Is í an rinceoir cumasach Sibéal Davitt a bheidh i mbun rince ar an sean-nós le ceol nua-aimseartha dioscó a mhúineadh d'idir óg agus aosta ar 21 Meán Fómhair 2012 agus tá fáilte roimh chách bualadh isteach chun beagáinín Trip-Nós a fhoghlaim!

Agus sula mbíonn ceardlann dátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge á reáchtáil ag Comhluadar in Uimhir 6 ó 7.00 - 8.00in, beidh an ógeagraíocht Ógras ag cur siamsaíocht ar fáil do na Gaeilgeoirí óga in aois 5+ bliana d'aois le cluichí agus ealaín ó 5.00 - 7.00in. Beidh rang do dhaoine fásta á eagrú ag Conradh na Gaeilge ó 6.00 - 7.00in chun blas de chúrsaí bunleibhéil an Chonartha a thabhairt d'fhoghlaimeoirí fásta na cathrach freisin. Beidh lascaine €20 ar fáil do rannpháirtithe an ranga Ghaeilge seo ar an Oíche Chultúir ar chúrsaí 10-seachtaine an Chonartha a bheidh ag tosú do théarma an fhómhair in Uimhir 6 ó 25 - 27 Meán Fómhair 2012.

Níl costas ag baint le haon cheann de na himeachtaí a bheidh ar siúl in Uimhir 6 Sráid Fhearchair don Oíche Chultúir ar 21 Meán Fómhair 2012, ach is gá áit a chur in áirithint d'fhormhór na n-imeachtaí trí ghlaoch ar an lárionad Gaeilge ag +353 (0)1 4757401 nó trí rphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

TUILLEADH EOLAIS:

Daragh Ó Tuama
Cathaoirleach, Coiste Uimhir 6, Lárionad Gaeilge BÁC
01 4757401 / 087 2302101

Taisce Chultúrtha Bharra Temple
www.culturenight.ie
01 6772255 / 01 8883610

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Gach 30 nóim ó 5.00 - 11.00in Stair an Cheannárais
Turas treoraithe dátheangach ar Uimhir 6
Conradh na Gaeilge

5.00 - 7.00in Ceardlann Spraoi
Ealaín agus cluichí do pháistí (5+ bliana d'aois)
Ógras

6.00 - 7.00in Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta
Blas de chúrsa bunleibhéil d'fhoghlaimeoirí fásta
Conradh na Gaeilge

7.00 - 8.00in Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings
Ceardlann dátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge
Comhluadar

8.00 - 9.00in Ceardlann Trip-Nós
Ceardlann rince ar an sean-nós le ceol dioscó arna reáchtáil ag Sibéal Davitt
Seachtain na Gaeilge

8.30 - 9.30in Seisiún sa Siopa
Ceol beo le seisiún ins An Siopa Leabhar
An Siopa Leabhar

9.00in Ceol Beo
Club Chonradh na Gaeilge

* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *

Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman san áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh, áit go bhfuil Lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath lonnaithe anois, agus tá tábhacht nach beag ag baint le Newman as Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) a bhunú. D'oscail an Ollscoil Chaitliceach i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir 6 ina measc; bhí aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire. Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir 6 le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras agus tá an tollán inár éalaigh leithéid Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh. Ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát leis.

Is comhlacht teoranta príobháideach é Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TBCT) a fheidhmíonn gan beann ar bhrabús agus a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha i mBarra Temple ar an iliomad bealaí. D'eagraigh TBCT an chéad Oíche Chultúir in Éirinn i mBaile Átha Cliath in 2006 agus tá an ceiliúradh tar éis leathnú fud fad na tíre. www.templebar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an béar ar oscailte do bhaill an Chlub 7 oíche in aghaidh na seachtaine óna 8.00in agus is ann a bhíonn ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge. Reáchtáiltear ciorcal comhrá ann gach oíche Luan, is í an Mháirt Oíche na Mac Léinn, bíonn Oíche na Manglam ar an Déardaoin agus is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, ceachtanna Briotánaise, rincí agus cluichí beiriste san áireamh. www.anclub.ie

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan - Satharn 09.30 - 17.30

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga idir 13 - 19 mbliana d'aois teacht le chéile mar óg-chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8 - 12 bhliain d'aois. Eagraíonn Ógras réimse leathan d'imeachtaí spraíúil, oideachasúla ar fud na tíre do dhaoine óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach in óg-ghluaiseacht Ghaeilge, fhuinniúil, bhríomhar. www.ogras.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Android trí TuneIn, agus anois ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge ón 01 Iúil 2012; beidh sé ar fáil ar an DAB i gCorcaigh agus i Luimneach faoi cheann dheireadh 2012 chomh maith. Beidh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM i mBaile Átha Cliath ó 24 Meán Fómhair - 07 Deireadh Fómhair 2012 agus tá sé beartaithe craoladh ar an gcóras teilifíse digití amach anseo. Tá sé mar sprioc ag Rí-Rá go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB. www.rrr.ie

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an fhéile sa bhliain 1902. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Reáchtálfar féile na bliana seo chugainn ó 4 - 17 March 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie

Cuireann Craobh na gCeithre Cúirteanna de chuid Chonradh na Gaeilge An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta ar fáil, in aisce agus trí Ghaeilge, i bpáirt le FLAC (Free Legal Advice Centres) agus Guth na Gaeltachta gach aon mí. Buail isteach ar an ionad i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh nó i nGaoth Dobhair nó déan teagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (1) 4757401. www.seirbhisdli.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Beidh sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d'imeachtaí áitiúla i dteannta féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.