Skip to main content

Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag seasamh leis na Coláistí Samhraidh Gaeltachta

Ag cruinniú de Choiste Ghnó Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo caite, cruinniú a tionóladh ar líne mar thoradh ar an gcoróinvíreas, léiríodh imní mhór faoin ngéarchéim atá buailte ar na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht. Aithníodh ag an gcruinniú tábhacht na gColáistí Samhraidh agus an ról tábhachtach a bhí agus atá acu i saol eacnamaíoch na Gaeltachta. Aithníodh freisin an baol go mbeadh deireadh le roinnt de na Coláistí mar nach mbeadh sé d’acmhainn acu a gcostais riaracháin a sheasamh gan teacht isteach na bliana seo acu.


Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Tá géarchéim buailte ar thionscadal na gColáistí Samhraidh mar thoradh ar an gcoróinvíreas agus an baol ann nach leanfar le haon Choláiste, in aon cheantar Ghaeltachta, i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil baol ann d’inmharthanacht roinnt de na Coláistí mar nach mbeidh sé d’acmhainn acu a gcostais riaracháin a sheasamh gan teacht isteach na bliana seo. Tá ról tábhacht ag na Coláistí Samhraidh i saol eacnamaíoch na Gaeltachta ach go háirithe maidir le cúrsaí fostaíochta agus turasóireachta agus déanfar dochar as cuimse don Ghaeltacht má thiteann na Coláistí Samhraidh.


Tá an Coiste Gnó ag éileamh ciste cúitimh ón Rialtas chun teacht i gcabhair ar na Coláistí Samhraidh agus go mbeadh an ciste ag díriú ar réimse iomlán na gColáistí, ina measc: Na mná tí, ag aithint an róil lárnaigh atá acu sa tionscadal; Na coistí a bhíonn i mbun na gColáistí agus a mbíonn costais seasta bhliantúla acu, ach go háirithe cothabháil na n-ionad a bhíonn in úsáid, árachas, teas, leictreachais ‘srl; Foireann lánaimseartha a bhíonn a dtuarastal ag brath ar an ioncam ó na Coláistí.


Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge: Luadh ag an gcruinniú seo an t-ionchur a imríodh an caillteanas seo ar eacnamaíocht agus ar chúrsaí fostaíochta na Gaeltachta. Aontaíodh go láidir chomh maith go gcaithfidh pé Rialtas nua a chinntiú nach dtarlóidh an suíomh mar a thit amach i 2008 nuair a scriosadh buiséid na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe leis an slad a rinneadh ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge. Níor caitheadh go cothrom leis na gníomhairí stáit seo i gcomparáid leis an IDA, Fiontraíocht Éireann nó an Comhairle Ealaíon. Níl cothrom na Féinne faighte acu ó shin agus is gá do pé Rialtas nua sin a thógáil san áireamh nuair a bheidh cinntí á nglacadh leis an tír a chur ina cheart arís i ndiaidh na héigendála seo leis an gcoróinvíreas.


TUILLEADH EOLAIS:
Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha
Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge
091 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.