Skip to main content

Éileamh Ar Chúrsaí Ag Dul I Méid

Beidh deis ag muintir Átha Cliath barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga arís an fómhar seo le cúrsaí Gaeilge 10-seachtaine á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge do dhaoine fásta ón 25 Meán Fómhair 2012, gan ach €180 orthu agus le lascainí breise ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe nó ar phinsean. Freastalaíonn an cúrsa ar gach leibhéal foghlaimeora agus ritheann ranganna ar feadh dhá uair ó 7 - 9.00in ar do rogha d'oíche amháin in aghaidh na seachtaine ag 6 Sráid Fhearchair i gcroílár Bhaile Átha Cliath.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comhordaitheoir Cúrsaí Chonradh na Gaeilge: "Is cuma an dalta Ardteiste tú gur ghá líofacht teanga a bhaint amach faoi mhí Aibreáin, nó más mamaí le páistí Gaelscoile tú atá ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh sa bhaile, tá cúrsa ag Conradh na Gaeilge duitse an fómhar seo!"

D'éirigh chomh maith sin leis na ranganna a sheol Conradh na Gaeilge do mhic léinn Ardteiste i mBaile Átha Cliath anuraidh go bhfuil cúrsa úr 10-seachtaine á reáchtáil arís i mbliana, áit go mbeidh treoir, foclóir agus cleachtadh don scrúdú cainte Gaeilge ar siúl gach Máirt ó 5.00 - 6.30in ó 25 Meán Fómhair 2012 ar aghaidh. Cuirfidh Conradh na Gaeilge dara téarma ullmhúcháin ar fáil ó 15 Eanáir 2013; níl ach costas €140 ar théarma amháin nó costas €260 do dhá théarma, le tuilleadh lascainí ar fáil do scoláirí a chuireann áiteanna in áirithint i ngrúpaí. Tá an-taithí mhúinteoireachta ag teagascóir an chúrsa agus cabhróidh sí le scoláirí ullmhú do chur chuige nua an scrúdaithe chainte, gur fiú 40% de mharcanna iomlána an scrúduithe Ghaeilge anois é.

Dóibh siúd atá ag dul don iarchéim bhunmhúinteoireachta, tá Conradh na Gaeilge ag tairiscint réimse cúrsaí lae chun iarrthóirí a ullmhú don agallamh Gaeilge atá mar chuid den phróiseas iarratais idir seo agus Eanáir 2013, dar tús 14 Deireadh Fómhair 2012 ó 10.00rn - 5.00in. Tugann an Conradh treoir agus cleachtadh d'iarrthóirí ag dul don agallamh trí obair i ngrúpaí, ról-imirt agus bileoga eolais, sa bhreis ar agallamh bréige le haiseolas agus noda i dtaca leis na botúin is coitianta a dhéantar san agallamh, agus níl ach €100 ar an lá.

Míníonn Ní Ghairbhí: "Tá líofacht sa Ghaeilge ina buntáiste breise d'iarrthóirí ag cur isteach ar phoist, agus cabhraíonn cúrsaí ullmhúcháin Chonradh na Gaeilge don agallamh Gaeilge bunmhúinteoireachta go mór leat trí níos mó muiníne a thabhairt duit as do chuid Gaeilge labhartha, agus trí cur le do stór focal."

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge chomh maith, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag scoláirí scrúduithe de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a dhéanamh chun an cháilíocht idirnáisiúnta a bhaint amach sa Ghaeilge, bunaithe ar na ranganna agus ar imeachtaí teanga eile.

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, Inis, Luimneach, Maigh Eo agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Comhordaitheoir Cúrsaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh agus in áiteanna eile ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. www.teg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.