Skip to main content

Raidió Rí-Rá ar fud na háite!

An Stáisiún ag craoladh ar FM an tseachtain seo  agus dhá stiúideo nua oscailte i gCorcaigh agus i nGaillimh

13 Samhain 2019

Sheol Aire na Gaeltachta, Seán Kyne, TD craoladh speisialta inniu de Raidió Rí-Rá ar FM i mBaile Átha Cliath i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach. Beidh an craoladh speisialta ag dul ar aghaidh idir 11 agus 15 Samhain. Chomh maith leis sin, sheol sé an dá stiúideo nua atá oscailte ag an stáisiún an tseachtain seo i gCorcaigh agus i nGaillimh. Is é Raidió Rí-Rá an cairtstaisiún Gaeilge don aos-óg atá ag craoladh ar ardáin éagsúla le breis is 10 mbliain anuas.

Dúirt Sean Kyne, Aire na Gaeltachta, TD: "Tá rímhéad orm tréimhse FM Raidió Rí-Rá an tseachtain seo a sheoladh agus chomh maith leis sin an dá stiúideo nua ag an stáisiún i gCorcaigh agus i nGaillimh a oscailt go hoifigiúil. Is léir go bhfuil an stáisiún ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana agus is céim an-mhór é seo don stáisiún. Tá an-áthas orm mar Aire agus ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil go leanúnach do Raidió Rí-Rá. Tuigimid go gcuireann Raidió Rí-Rá seirbhís raidió Gaeilge den scoth ar fáil don óige agus go dtugann an stáisiún deis do go leor daoine taithí craoltóireachta a fháil."

Dúirt Niamh Ní Chróinin, Bainisteoir Raidió Rí-Rá: “Táimid an-sásta gur féidir linn cur leis an seirbhís a chuireann muid ar fáil don phobal, go hairithe don dream óg, le seoladh an dá stiúideo nua le tacaíocht ó Ghael Taca i gCorcaigh agus le tacaiocht ó Techspace agus Raidió na dTreabh i nGaillimh. Ni amháin go bhfuil muid ag cur seirbhíse iontach raidió ar fáil don phobal ach beimid ag cur deiseanna ar fáil do mhic léinn agus eile sna cathracha éagsúil le taithí a fháil ar obair sna meáin.

Táimid an-bhuíoch d’Aire na Gaeltachta, Seán Kyne, TD as an gcraoladh speisialta agus as an da stáisiúin a sheoladh dúinn inniu agus don tacaíocht leanúnach uaidh agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’fhorbairt an stáisiuin”.

Dúirt Julian de Spáinn, Rúnaí Raidió Rí-Rá: “Tá sé mar sprioc ag Raidió Rí-Rá go mbeidh an tseirbhís ar fáil ar FM fud fad na tíre go leanúnach agus táimid ag lorg tacaiochta ón Rialtas agus ó ghach páirtí polaitiúil leis sin a bhaint amach. Bheadh seo iontach cabhrach leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga a spreagadh.”

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge! Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, maraon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí. Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar http://www.rrr.ie 24/7 gach lá den bhliain. Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.