Skip to main content

Suíomh úr PEIG.ie á sheoladh ag fógairt ré nua don Ghaeilge ar an idirlíon

Tá an ócáid ​​seo críochnaithe i mbliana agus tá an clárú dúnta

 

Seolfar suíomh úr PEIG.ie ag Oireachtas na Samhna ag 13:00 ar Shatharn, 2 Samhain sa Svuít City West in Óstán City West. Leis seo cuirfear fáilte roimh ré nua do PEIG.ie agus don Ghaeilge ar an idirlíon. Is é soláthar nuachta, imeachtaí, folúntas agus eolais as Gaeilge a mbíonn PEIG.ie dírithe air agus tabharfaidh an suíomh úrnua seo céim mhór chun cinn ar mhaithe le caighdéan an tsoláthair sin a fheabhsú.

 

Seolfaidh Dr Brian Ó Raghallaigh an suíomh, duine a bhfuil an-saineolas agus taithí aige ag plé le suíomhanna greásáin ar nós Logainm.ie agus Dúchas.ie tríd an ról atá aige mar Ollamh Cúnta (Tionscadail Taighde) in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

 

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge ar líne í suíomh úr PEIG.ie a sheoladh inniu. Is mór dúinn tacaíocht an Dr Brian Ó Raghallaigh, a chabhraigh leis an bhfoireann le linn an athchóirithe ar roinnt ceisteanna teicniúla a bhain leis an gcóras léarscáilíochta. Is a bhuíochas le dul chun cinn digitiú logainmneacha na tíre go bhfuil an léarscáil as Gaeilge ar an suíomh anois agus tá Brian agus foireann s’aige le moladh as an obair iontach a bhíonn idir lámha acu.”

 

Deir Dónal Ó Gallachóir, Feidhmeannach Ilmheán agus Lárphointe Feasachta le PEIG.ie:

“Tá an-chuid oibre déanta againn ar an suíomh úr seo agus táimid iontach bródúil é a sheoladh go hoifigiúil. Tá feabhsaithe móra suntasacha déanta againn ar fheidhmiúlacht an tsuímh agus tá sé réidh anois don ré nua seo ar an idirlíon. Tá súil againn go mbeidh an mórphobal in ann tairbhe agus fiúntas a bhaint as, más sa tóir ar nuacht an lae, imeachtaí áitiúla, post nua nó eolas faoin nGaeilge atá siad.”

 

Tá fáilte roimh aon duine ar spéis leo teacht chuig an imeacht a bheith linn ar an lá. Le linn an tseolta bronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí an chomórtais atá á reáchtáil ag PEIG.ie, dearbhán €250 do Ticketmaster agus Amazon Echo Dot (Alexa). Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas ar fáil ar PEIG.ie.

 

BREIS EOLAIS:


Dónal Ó Gallachóir

Feidhmeannach Ilmheán agus Lárphointe Feasachta le PEIG.ie

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 353 (0)1 4757401 | +35387 6656804

 

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 353 (0)1 4757401 | +35387 6338931

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais fheasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith.

Tuilleadh eolais: www.cnag.ie


Is ardán ilmheán é PEIG.ie atá á sholáthar ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is éard atá i gceist le PEIG.ie ná lárphointe eolais don Ghaeilge, a chuireann nuacht, féilire imeachtaí, bord folúntas agus go leor eile ar fáil don phobal. Tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge go mbeidh PEIG.ie mar fhoinse eolais luachmhar d’éinne le suim sa teanga, ó chainteoirí líofa go turasóirí. Chomh maith le nuacht agus imeachtaí, tá réimse leathan d’eolas ginearálta faoin nGaeilge ar fáil ag PEIG.ie, a chlúdaíonn gach rud ó shaoirí sa Ghaeltacht go cearta teanga agus scaiptear nuachtlitir trí ríomhphost gach maidin.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.