Céard é an Scéal? 2019

Níl aon cheist ach go bhfuil an pobal go láidir taobh thiar den Ghaeilge: taighde nua foilsithe ag Conradh na Gaeilge

Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo.

Creideann nach mór beirt i ngach triúr ó dheas dóibh siúd a cuireadh faoi agallamh gur chóir go mbeidh polasaí cuimsitheach a nascann múineadh na Gaeilge tríd an timthriall oideachais ina iomlán – ó réamhscoil go bunscoil go meánscoil go hollscoil dar leis an tuairisc taighde “Céard é an Scéal?” le Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirt le Kantar Millward Brown, a seoladh ag Seimineár an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna 2019 in Óstán Citywest.

 

Is sraith taighde é “Céard é an Scéal?” a fhiosraíonn tuairimí an phobail i leith na Gaeilge ar fud an oileáin.

 

Is iad na buacthorthaí na pobalbhreithe le Kantar Millward Brown, ná:

  • D’aontaigh 53% ó dheas agus 40% ó thuaidh gur chóir go mbeadh tacaíocht ann do pháistí a thógáil le Gaeilge
  • D’aontaigh 54% ó dheas agus 36% ó thuaidh gur chóir go mbeadh scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaoine fásta
  • Lorg 17% ó dheas agus 5% ó thuaidh seirbhísí as Gaeilge ón Stát
  • D’aontaigh 64% ó dheas gur chóir go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí ábhar ardteiste (ní raibh ach 14% a d’easaontaigh leis seo)

 

Dar leis an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge;

“Nuair a chuaigh Conradh na Gaeilge i mbun taighde ar Céard é an Scéal 5 bliana ó shin is éard a chuir muid romhainn ná ceisteanna oscailte agus ionraice a chur ar mhuintir na hÉireann, ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ar dhaoine nach bhfuil. Ceisteanna a bhí iontu faoi staid na Gaeilge in Éirinn agus faoi thuairimí an phobail faoin teanga go ginearálta. 

 

In ainneoin na ndúshlán a aithníonn an pobal i leith na teanga is léir dúinn go bhfuil muintir na hÉireann go mór i bhfách leis an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chur chun cinn – ach é sin a dhéanamh bunaithe ar phleananna agus straitéisí atá comhaontaithe ag an bpobal agus atá le leas gach duine a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu. In aimsire seo na héiginnteachta is gá dúinn a bheith níos eagraithe ná riamh. Tá toghcháin ar an bhealach agus is léir ón méid atá bainte amach ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le pobal na Gaeilge gur féidir linn tionchar dearfach a imirt ar na cinntí a dhéanann an dá rialtas, thuaidh agus theas, maidir leis an teanga. Is tábhachtaí ná riamh, dá bhrí sin, go seasaimid le chéile mar phobal agus go dtugaimid dúshlán na neamhairde agus na neamhshuime.”

 

Anuas ar phobalbhreith Kantar Millward Brown, a cuireadh le chéile bunaithe ar fhreagraí ón bpobal ó dheas agus ó thuaidh, labhair Caoimhín Ó Cadhla, Feidhmeannach Taighde agus Anailíse le tuismitheoirí, le daoine óga agus an pobal i gcoitinne le tuairimí níos doimhne a bhailiú bunaithe ar thorthaí na pobalbhreithe.  Tá na tuairimí sin le léamh sa tuairisc a seoladh ag Oireachtas na Samhna 2019.

 

Dar le Caoimhín Ó Cadhla Feidhmeannach Taighde agus Anailíse Chonradh na Gaeilge;

"Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh fios againn ar dhearcthaí phobal na Gaeilge agus an pobal i gcoitinne maidir le cúrsaí Gaeilge. As an eolas atá faighte againn a bhuíochas le Kantar Millward Brown tá fhios againn go bhfuil tacaíocht láidir ann an Ghaeilge a choinneáil mar chroí ábhar ardteiste ó dheas. Lorg 17% seirbhís as Gaeilge ón Stát ó dheas, rud a léiríonn go bhfuil bunús maith ann sa mholadh i mBille na dTeangacha Oifigiúla go mbeidh 20% d'earcaithe nua dátheangach sa seirbhís poiblí."

 

Tá an tuairisc ar fáil ar líne agus bhí leabhráin ar fáil ó sheastán Chonradh na Gaeilge in Óstán Citywest ag Oireachtas na Samhna 2019.

  

 

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge