Den chéad uair ó ghlac Éire ballraíocht san AE in 1973, éistfear cás as Gaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Lucsamburg

Ráiteas Nuachta | 24 Deireadh Fómhair 2019

Cuireann Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an cinneadh a rinne an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh inniu. Den chéad uair ó ghlac Éire ballraíocht san AE in 1973, éistfear cás as Gaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Lucsamburg.

Inniu san Ard-Chúirt, chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh ceist a chur chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an discréid ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú sa chás go dtagann na cearta i gceist ó Dhlí an AE.

Baineann an cás Mac Fhlannchadha v. An tAire Talmhaíochta (a éisteadh as Gaeilge) le húsáid teangacha an AE ar lipéadú tháirgí leighis d’ainmhithe. Chinn an Breitheamh Ní Raifeartaigh cheana gur sháraigh Éire Treoir den AE a leag síos gur gá don lipéadú a bheith as Gaeilge agus as Béarla ar a laghad mar gheall go gceadaíonn Dlí na hÉireann lipéadú as Béarla amháin. Rinne Séamas Ó Tuathail AS agus Dáithí Mac Cárthaigh BL ionadaíocht sa chúirt don Uasal Mac Fhlannchadha, iad faoi theagasc ag Ó Cearbhaill Aturnaetha as Gaillimh.

Éiríonn an cheist seo as coimhlint dhá thraidisiún dlí. Sa Dlí Coiteann atá i réim i dtíortha ar nós na hÉireann agus Sasana, bíonn discréid leathan ag breithiúna agus cinntí a ndéanamh acu; ní bhíonn i dtraidisiún Dlí Shibhialta na Mór-Roinne.

Éiríonn an cheist atá le cinneadh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais toisc go bhfuil Rialachán nua Eorpach a cheadaíonn tuilleadh saoirse do bhallstáit an Aontais maidir le lipéadú le teacht i bhfeidhm in 2022, agus beidh lipéadú as Gaeilge roghnach do na táirgí seo ina dhiaidh sin. Is í an cheist atá os comhair na hArd-Chúirte agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná cad is ceart a dhéanamh idir an dá linn.

TUILLEADH EOLAIS AGUS PICTIÚIR:

Peadar Mac Fhlannchadha
Bainisteoir Abhcóideachta/Leas-Ardrúnaí
+353 (0)1 4757401 | +353 (0)87 4188050 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge