Skip to main content

Ráiteas: An-fháilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh deontais Gaeltachta na Mac Léinn

Más mall is mithid

An-fháilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh deontais Gaeltachta na Mac Léinn ag staidéar ar chláir oideachais múinteoireachta maoinithe ag an Stáit a bheith curtha ar fáil arís

Chuir Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an fógra déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, inniu, 10 Deireadh Fómhair, go bhfuil sé le deontas Gaeltachta na Mac Léinn ag staidéar ar chláir oideachais múinteoireachta maoinithe ag an Stáit a chur ar fáil arís. Is feachtas é seo atá ar siúl ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge le tamall de bhlianta.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Cúis áthais do Chonradh na Gaeilge is ea go mbeidh an maoiniú seo á chur ar fáil arís do mhic léinn Ollscoile seal a chaitheamh sna ceantair Ghaeltachta. Ní amháin, ar ndóigh, go gcuirfear go mór lena scileanna teanga ach beidh buntáistí ann do gheilleagar na nGaeltacht, ceantair atá  thíos leis an easpa infheistíochta le fada an lá. 

Léiriú eile atá sna hiarrachtaí seo nach neart go cur le chéile agus gur féidir tionchar dearfach a imirt ar chinntí rialtais - agus is chuige sin ba chóir moladh faoi leith a thabhairt d'Aontas na Mac Léinn as an chomhpháirtíocht san fheachtas seo. Tá moladh ag dul don Aire Joe McHugh, a bhí toilteanach cluas na héisteachta a thabhairt do thuairimí áirithe agus a ghlac leis an chinneadh an maoiniú seo a chur ar fáil arís. Tuigeann Conradh na Gaeilge an tábhacht ollmhór a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thobar ag foghlaimeoirí agus mar thaisce an dúchais agus tá an Conradh ag cloí leis na gealltanais atá tugtha aige bliain i ndiaidh bliana chun tacaíocht a thabhairt don teanga ar gach leibhéal den phobal agus i ngach áit sa tír.”


Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: Táimid an-sásta go bhfuil an feachtas seo curtha i gcríoch anois agus go bhfuil an deontas Gaeltachta do na mic léinn oideachais, ag staidéar ar chláir oideachais múinteoireachta maoinithe ag an Stáit, curtha ar fáil arís. Is cinnte nach raibh na táillí de €1,500 a bhí le híoc ag na mic léinn le cúpla bliain anuas ag cabhrú le híomhá agus le stádas na teanga i measc na mac léinn agus iad ag traenáil le bheith mar mhúinteoirí. Cuireadh an t-éileamh seo chun tosaigh arís ag SEAS ’19 le déanaí ar nós a cuireadh an t-éileamh chun cinn go leanúnach ó a baineadh an deontas Gaeltachta agus táimid sásta gur éist an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, linn agus leis na polaiteoirí eile ar fad a bhí ag tabhairt tacaíochta don éileamh. Tá ardmholadh ag dul d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn as an bhfeachtas seo chur chun cinn agus bhíomar an-sásta ár bpáirt a imirt ann. Tá aitheantas ag dul freisin do na mic léinn a throid an cás seo le blianta beaga anuas, cuid mhaith acu nár bhain aon bhuntáiste pearsanta as mar go bhfuil a chúrsa oiliúna críochnaithe acu anois. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go leanfaidh na mic léinn leis an bhfeachtas chun polasaí oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a bhaint amach.”

 

Tuilleadh eolais:

Julian de Spáinn, 
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
+353 86 8142757  | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha,
Leas-Ardrúnaí / Bainisteoir Abhcóideachta 
087 4188050
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Róisín Ní Mhaoláin,
Feidhmeannach Cumarsáide
087 6338931
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.