Skip to main content

Ráiteas: #SEAS19

Ráiteas Nuachta | 24 Meán Fómhair 2019

Lá Stocaireachta Chonradh na Gaeilge le Teachtaí Dála agus Séanadóirí maidir le tuilleadh infheistíochta don Ghaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe maoiniú breise de €5 mhilliún a chur ar fáil ar son Phlean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltachta mar chuid de Cháinaisnéis 2020. Suífidh gníomhaithe teanga ó gach cearn den tír síos lena dTeachtaí Dála agus Séanadóirí áitiúla inniu (Dé Máirt) chun a n-imní i dtaobh maoinithe Gaeilge agus Gaeltachta a chur in iúl mar chuid de Lá Stocaireachta ‘Clinic na Gaeilge’ #SEAS19 ag Sráid Chill Dara. 

Beidh Clinic na Gaeilge, a mhairfidh suas le 10 n-uaire a chloig, atá á heagrú ag Conradh na Gaeilge, ag tarlú in Óstán Buswells (8:00r.n- 6:00i.n) chun tacaíocht ar son Phlean Infheistíochta don Ghaeilge agus na Gaeltachta a chur chun tosaigh, plean a chrúthóidh breis ag 1,190 post, dar leo.

Beidh ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus phobal na teanga ó thoghcheantair ar fud na hÉireann ag teacht go Baile Átha Cliath chun cruinnithe a dhéanamh le polaiteoirí áitiúla s’acu chun maoiniú breise de €5 mhilliún a éileamh don teanga mar chuid de Cháinaisnéis 2020

“Spreagann Clinic na Gaeilge guthanna Gaeilge agus Gaeltachta chun dúshlán polaiteoirí a thabhairt san Ard-Chathair, áit ar féidir leo na ceisteanna is tábhachtaí dóibh féin a ardú,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge.

“Beidh craobhacha agus ionadaithe de chuid na heagraíochta ag éileamh ar na polaiteoirí infhéistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht mar thosaíocht don Rialtas i gCáinaisnéis 2020.

“Tá an Plean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta aontaithe ag 88 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, agus tiocfaidh breis agus 1,190 post nua as.”

“Mar aon leis seo cinnteoidh an plean go mbeidh acmhainní riachtanacha ar fáil chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga, mar aon le deiseanna úsáide Gaeilge a éascú ar fud na tíre.”

“Tá buiséad Údarás na Gaeltachta gearrtha suas le 65% ó bhí 2008 ann agus tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe le €5 mhilliún i gcompráid le maoiniú 2008.

“Tá sé in am don Rialtas infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.”

Tá an ócáid á reachtáil ag Conradh na Gaeilge mar chuid de #SEAS19 (seisiúin eolas agus spreagtha), feachtas eolais agus feasachta chun aird a dhíriú ar cheisteanna maoinithe Gaeilge agus Gaeltachta roimh an cháinaisnéis.

“Mar aon leis na stocairí agus ionadaithe ó na toghcheantair éagsúla a bheas inár gcuideachta inniu, tá go leor eile ag dul i dteagmháil le polaiteoirí áitiúla s’acu ar an ghuthán, ar rphost, ar líne nó i gclinicí go háitiúil” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

“Tá an obair seo ar fad iontach go deo tábhachtach sula bhfógraítear an cháinaisnéis. Is láidre muid mar phobal nuair a thagann muid le chéile ar na croí-cheisteanna seo - ní neart go cur le chéile.”

Críoch
Pictiúir ar fáil fríd Conor McCabe Photography Ltd. Guthán +353 85 705 7255, rphost Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.