Skip to main content

Fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an 5 ghaelscoil nua fógartha ag Aire McHugh

Agus fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge chomh maith roimh an Aire ag glacadh leis an bprionsabal gur chóir gaelscoil nua a chur ar bun in aon scoilcheantar gan gaelscoil faoi láthair nuair atá scoil nua le bunú.

Chuir Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an gcúig ghaelscoil nua fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna ó dheas ar maidin, 3 Meán Fómhair 2019. Chomh maith leis sin, tá  Conradh na Gaeilge sásta go bhfuil an tAire ag glacadh leis an bprionsabal gur chóir gaelscoil nua a chur ar bun in aon scoilcheantar gan gaelscoil cheana féin nuair atá scoil nua le bunú.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

“Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, as ucht éisteacht leis an gCoimisinéir Teanga agus an feachtas Gaelscoil4All agus aithint go bhfuil géarghá le breis soláthar don  ghaelscolaíocht do phaistí na tíre agus an cinneadh déanta aige 5 ghaelscoil nua a bhunú idir 2020 agus 2021. Is cinnte gur chéim chun tosaigh é an fógra ar maidin agus an prionsabal glactha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna gur chóir gaelscoil nua a chur ar bun in aon scoilcheantar gan gaelscoil nuair atá scoil nua le bunú.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

“Ba mhaith linn go dtógfaidh an Roinn an dara chéim anois agus obair i dtreo go mbeidh gach scoil nua ina gaelscoil leis an líon gaelscoileanna atá ann le freagairt don éileamh sa phobal don ghaelscolaíocht ar fáil do thuismitheoirí na tíre (tá an t-éileamh ag 23% den phobal faoi láthair de réir taighde ón ESRI). Táimid 100% cinnte chomh maith dá gcuirfeadh an Roinn feachtas feasachta ceart ar bun le tuismitheoirí na tíre a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le scolaíocht dátheangach gaelscolaíochta go bhfásfadh an líon tuismitheoirí ag lorg an saghas sin oideachais dá bpáistí go suntasach. San áireamh sna buntáistí sin tá: torthaí níos airde ná an meán náisiúnta; réasúnaíocht cognaíoch níos fearr, níos éasca an tríú teanga a fhoghlaim agus go leor eile. Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna tógáil ar an gcéim chun tosaigh fógartha aige inniu agus a leithead d’fheachtas a eagrú agus breis sholáthar den ghaelscolaíocht a chur ar fail.”

Leanfaidh an feachtas Gaelscoil4All, atá Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta ag obair le chéile ann, ag iarraidh a chinntiú go mbeidh breis soláthar den ghaelscolaíocht bainte amach sa chomórtas a fhógróidh an Roinn Oideachais agus Scileanna go luath do scoileanna nua. Chomh maith leis sin, leanfar leis an mbrú go mbeidh polasaí do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais a chuimseodh ceist soláthar gaelscolaíochta agus go leor eile ann i bpolasaí comhtháite.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.