Skip to main content

Seachtain na Gaeilge ag Fleadh Cheoil na hÉireann seolta

Ráiteas Nuachta    |    15 Lúnasa 2019

Seoladh clár cuimsitheach d’imeachtaí mar aon le feachtas idirnáisiúnta Caint & Comhrá i nDroichead Átha 

Ag imeacht a d’eagraigh Coiste Gaeilge na Fleidhe seoladh clár d’imeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl mar chuid de Fhleadh Cheoil na hÉireann an tseachtain seo. Is i nDroichead Átha atá an fhéile chultúrtha á reáchtáil i mbliana agus an baile ag súil leis na mílte cuairteoirí. I measc na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl, beidh neart ciocail chomhrá ón ngréasán Caint & Comhrá. 

Is feachtas idirnáisiúnta é Caint & Comhrá atá mar ghreasán do chiorcail chomhrá agus grúpaí cainte fud fad an domhain. Cuireann Conradh na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do na grúpa trí phacáiste tacaíochta a sheoltar amach go grúpaí agus iad cláraithe ar PEIG.ie. Roinntear eolas faoi na grúpaí éagsúla ar an suíomh agus déantar poiblíocht orthu ar nuachtlitir laethúil an tsuímh.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta: “Tá moladh mór tuillte ag coiste Gaeilge na Fleidhe as ucht clár cuimsitheach d’imeachtaí Gaeilge a chur le chéile. Táimid go mór faoi chomaoin dóibh don ocáid iontach a d’eagraíodar le Seachtain na Gaeilge ag an bhFleadh mar aon le Caint & Comhrá a sheoladh. Is fiú go mór freastal ar cheann de na himeachtaí iontacha má tá tú i nDroichead Átha le linn na seachtaine.”

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:“Is í an aidhm atá le Caint & Comhrá ná deis úsáide agus sóisialta a thabhairt do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge a úsáid tríd a bheith páirteach i gciorcal comhrá. Tá Conradh na Gaeilge ag tacú leis seo tríd an togra Caint & Comhrá - gréasán ina mbeidh daoine in ann teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid.”

Tá sé an-éasca a bheith páirteach sa ghréasán Caint & Comhrá  – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile ar bhonn rialta in áit ar nós caifé áitiúil, ionad oibre, nó páirc peile fiú. Nuair atá am, áit, agus sonraí teagmhála agat don grúpa cainte, níl le déanamh ach na sonraí a chlárú ar www.PEIG.ie. Agus sin déanta, cuirfidh Conradh na Gaeilge pacáiste tacaíochta amach a bheidh mar áis phraiticiúil chun cuir leis an gcomhrá i measc an ghrúpa.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.