Skip to main content

Fáilte Fhaichilleach Roimh Chinneadh an Rialtais i dTaca leis An gCoimisinéir Teanga

Ar an gcéad amharc, tá fáilte fhaichilleach curtha ag Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Rialtais inné go leanfaidh an Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú chumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá Conradh na Gaeilge ag glacadh leis nach ndéanfaidh an comhcheangal idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman dochair d'fheidhmeanna an Choimisinéara nuair a aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus a tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe; beidh le feiceáil, áfach, nuair a chuirtear na mionsonraí faoin gcomhcheangal ar fáil don phobal.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá cuma ar an scéal go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta agus an Rialtas tar éis éisteacht le pobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus iad ag éileamh orthu le bliain anuas gur ghá go mbeidh An Coimisinéir Teanga neamhspleách lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh i gceart. Ní hamháin sin ach tá áthas orainn go mbeidh An Coimisinéir lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí.

"Agus sin ráite, áfach, beimid ag súil leis na mionsonraí den chomhcheangal idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a fháil go luath, le cinnte a dhéanamh nach mbeidh aon dochair nó laghdú déanta ar fheidhmeanna, ar acmhainní ná ar chumhachtaí an Choimisinéara."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá moladh ag dul do gach duine agus do gach eagraíocht a ghlac páirt san fheachtas leis an gCoimisinéir Teanga a choinneáil neamhspleách - is léir gur éirigh linn tionchar a imirt ar na húdaráis. Ba mhaith linn díriú anois ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh Acht níos láidre againn a chuirfidh seirbhísí Gaeilge níos fearr ón stát ar fáil don saoránach, agus mar bhunchloch de sin go mbeidh gach seirbhís ón Stát ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht faoi 2016, mar atá molta ag an gConradh."

Beidh Conradh na Gaeilge ag déanamh teagmháil le hAire Stáit na Gaeltachta leis an soiléiriú faoin gcomhcheangal idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a fháil go luath, chomh maith le brú a chur le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú. Mar chéad chéim chuige seo, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na moltaí ar fad a fuair siad ón bpobal mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha i mí Eanáir 2012 a fhoilsiú go poiblí. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.