Skip to main content

Ráiteas ó Chonradh na Gaeilge: Polasaí na n-oileán

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne TD, go bhfuil sé beartaithe polasaí a fhorbairt d’oileán na hÉireann. Is fada pobail na n-oileán ag lorg polasaí mar seo, lena cinntiú nach mbeadh polasaithe eile agus gníomhaíochtaí eile an Stáit ag cur inmharthanacht na n-oileán i mbaol.

Is ceantair Ghaeltachta iad an-chuid d’oileáin na hÉireann agus léiríodh go beacht ag Seimineár de chuid Chonradh na Gaeilge in Inis Meáin mar chuid de Thionól Gaeltachta 2018 na fadhbanna a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar oileán.

Tá sé tábhachtach anois go leanann an tAire Stáit le forbairt an pholasaí seo agus go gcinnteoidh sé go bhfuil tiomantas iomlán an Rialtas agus an státchóras ag an bpolasaí. Iarrann Conradh na Gaeilge freisin go mbeadh ionchur díreach ag pobail na n-oileán sa pholasaí seo agus go mbeadh saineolas an pobal seo mar dhlúthchuid den pholasaí.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.