Skip to main content

Gaeláras Mhic Ardghail: 'Claochlú Cultúir agus an Conradh'

 P1024693 small

Bhí imeacht den scoth againn inné i nGaeláras Mhic Ardghail mar chuid den tionscadal oidhreachta agus staire 'Claochlú Cultúir agus an Conradh.' Tá an tioncadal maoinithe ag an Roinn Oidhreachta den Chrannchúr Náisiúnta Ó Thuaidh agus díríonn sé ar stair Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh. Cuireadh sár-thaispeántas de ghrianghraif, chaipéisí, ghradaim agus eile ar fáil ag Séamus Mac Dhaibhéid ó Ghaeláras Mhic Ardghail. Pléadh an dul chun cinn atá déanta ag an tionscadal, na fáthanna taobh thiar de, mar aon le haidhmeanna, tábhacht agus luach togra den chinéal seo.

"Ba mhaith linn fuinneamh agus brí úr a chur leis an tionscadal trí phearsantú a dhéanamh ar an stair le hagallaimh staire bhéil," a deir Cuisle Nic Liam, Oifigeach Tionscadail le Conradh na Gaeilge. "Ba mhaith linn fosta caipéisí, grianghraif nó fianaise ar bith d'imeachtaí a bhain le hathbheochan na Gaeilge i gCúige Uladh, go háirithe i gcomhthéacs an Chonartha, le gur féidir linn digitiú a dhéanamh orthu don suíomh idirlín atá á thógáil againn faoi láthair."

Más suim le haon duine dul faoi agallamh, nó má tá caipéisi ar bith a bheas tairbheach don tionscadal, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.