Painéal: Ag Ceiliúradh ár dTeangacha Beo

Ráiteas Nuachta    |    15 Iúil 2019

Ag Ceiliúradh ár dTeangacha Beo agus a chinntiú go gcosnaítear cainteoirí agus go gcuirtear san áireamh iad i reachtaíocht

Reáchtálfar plé painéil, eagraithe ag Conradh na Gaeilge i Londain, inniu, Dé Luain 15 Iúil, i Seomra Coiste 5, Westminster, ag 7 i.n. chun ár dteangacha beo a phlé agus a cheiliúradh, lena n-áirítear bearta reachtacha féideartha chun cearta cainteoirí na Gaeilge i dTuaisceart Éireann a chosaint.

Ar an bPainéal beidh Conor McGinn MP (Lucht Oibre), Liz Savile-Roberts MP (Plaid Cymru), an Seanadóir Niall Ó Donghaile (Sinn Féin), agus Dr. Niall Comer (Ollscoil Uladh & Uachtarán Chonradh na Gaeilge) agus beidh Paul Maskey MP mar chathaoirleach.

Dúirt urlabhraí do Chonradh na Gaeilge i Londain:
“Creidimid go léiríonn comhdhéanamh an phainéil an tacaíocht leathan atá ann d’Acht Gaeilge agus táimid ag súil le plé tarraingteach inniu. Tá an tAcht fós ar cheann de na príomhbhacainní ar dhul chun cinn polaitiúil i dTuaisceart Éireann inniu, agus Conradh na Gaeilge – idir a bhrainsí i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Londain - ag iarraidh dul i ngleic go gníomhach leis an topaic le polaiteoirí ó gach réimse polaitiúil i dTuaisceart Éireann, Poblacht na hÉireann, agus i Westminster.”

Dúirt an Dr. Niall Comer ó Ollscoil Uladh agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Táim ag súil go mór le páirt a ghlacadh sa phlé painéil a d'eagraigh ár mbrainse i Londain. Cé gur aontaigh Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006 Acht Gaeilge a thabhairt isteach, a léirigh reachtaíocht teanga sa Bhreatain Bheag agus i bPoblacht na hÉireann, níl Acht againn fós. Tá moltaí cuimsitheacha déanta ag Conradh na Gaeilge le blianta beaga anuas maidir le hAcht a dhéanfaidh an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn do chách agus atá bunaithe ar thaighde atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Déanfaidh mé cur síos ar na moltaí seo oíche Dé Luain agus iarrfaidh mé ar reachtaíocht lena n-áirítear na moltaí seo a thabhairt isteach i Westminster.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge