Skip to main content

Imeacht Chonradh na Gaeilge: 'Claochlú Cultúir agus an Conradh'

Imeacht Chonradh na Gaeilge i nGaeláras Mhic Ardghail, Déardaoin 18ú Iúil 2019 ar 1pm 

Brat Facebook Seoladh

 

Tá imeacht á reachtáil ag Conradh na Gaeilge faoi láthair mar chuid den tionscadal oidhreachta agus staire 'Claochlú Cultúir agus an Conradh.' Cuireann an tionscadal seo stair athbheonchana na teanga i gCúige Uladh ar an ardán, mar aon leis an tábhacht a bhí aige seo i sochaí pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann.

Díríonn an tionscadal ar phríomhghnéithe de chartlanna Chonradh na Gaeilge, rud a chuireann stair éagsúil an Chonartha ilár an aonaigh, agus an ról a bhí ag an Chonradh in athbhunú bróid don teanga sa Chúige.

Le linn an imeachta, cluinfear ó phainéil de cheathrar maidir le haidhmeanna agus tábhacht an tionscadail, mar aon leis an réasúnaíocht taobh thiar de. Is deis iontach í tuiscint níos doimhne a fháil ar stair éagsúil an Chonartha i gCúige Uladh. Aithnítear an ríthábhachtacht a bhaineann le stair shuimiúil, leathan an Chonartha a chur ar ais san fhearann poiblí; ar an tslí seo, chuirfí an Ghaeilge in iúl mar theanga a fhreastlaíonn ar gach duine, beag bann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.

Fáilte roimh chách - Bígí linn!

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.