Skip to main content

Cruachás sa líon cainteoirí inniúil ar an nGaeilge sa Státchóras léirithe go soiléir i dtuarascáil an Choimisnéara Teanga

Fianaise arís gur gá an Bille Teanga, geallta ag an Taoiseach roimh dheireadh na míosa, a fhoilsiú agus a Achtú gan mhoill

Rónán eile

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Rialtas feidhmiú láithreach bonn ar an bhfianaise scanrúil, atá léirithe i dtuarascáil faireacháin an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, Déardaoin 11 Iúil. Léiríonn an tuarascáil an easpa cainteoirí Gaeilge sa stát chóras le seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Iarrann an Conradh ar an Rialtas an Bille Teanga a fhoilsiú roimh dheireadh na míosa, mar a gheall an Taoiseach don Dáil ar 1 Iúil, le dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Coimisinéir Teanga agus foireann a oifige le moladh as tuarascáil faireacháin chomh cuimsitheach leis seo a fhoilsiú. Tá sé scannalach nach bhfuil ach inniúlacht sa Ghaeilge ag 2.63% díobh siúd atá fostaithe sna ranna rialtais. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh gach roinn rialtais seirbhísí i nGaeilge ar fáil don phobal ar an gcaighdeán céanna le seirbhísí as Béarla.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn an tuarascáil seo an géarghá atá ann leis an mbille teanga, a gheall an Taoiseach a fhoilseofar i mí Iúil, le dul i ngleic leis na fadhbanna seo trí spriocanna earcaíochta a leagan síos do dhaoine inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. De réir suirbhé náisiúnta déanta ag Kantar Millward Brown in 2018 ceapann 70% don phobal ó dheas gur chóir go mbeadh seirbhísí a sholáthraíonn an stát curtha ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo iad a úsáid. Is gá an Bille Teanga a fhoilsiú agus a Achtú gan mhoill.”

Leanfaidh Conradh na Gaeilge leis an mbrú go mbeidh Bille Teanga cuimsitheach, a réiteoidh fadhbanna ar nós a bhaineann le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus fadhbanna eile, gan mhoill.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.