Skip to main content

Collchoill na Gaeilge ag fás go flúirseach ag an bPicnic Leictreach

An Ghaeilge ag Croí na Féile arís ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn

Sophie Osborne Róisín Ní Mhaoláin Ciarán Wadd ó Chonradh na Gaeilge ag seoladh CroíNaFéile don Phicnic Leictreach

**Clárúchán dúnta - Lán go béal**

Beidh láithreach na Gaeilge níos láidre i mbliana ná már a bhí riamh ag an bPicnic Leictreach, a bhuí le fás na Collchoille agus filleadh an láthair champála Ghaeltachta, anuas ar láithreacht agus siamsaíocht Gaeilge sa bPuball Gaeilge sna Mindfields.

Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastal na féile teacht ar strae sa Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh ag Croí na Féile le Conradh na Gaeilge. Beidh filí REIC ag treorú na bhfánaithe coille, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha - a leithéidí The Shandrum Céilí Band, Dó Fá Dó & Oisín Mac Giolla Bhríde - agus beidh cóisir cheilte coille go maidin le lucht Dioscó Anocht ag casadh na gceirníní faoi chlúdach na gcrainnte.

Tá muid ag súil go mór le Conradh na Gaeilge a fháiltiú ar ais chuig an gCollchoill, agus an Ghaeilge a fháiltiú arís chuig #CroíNaFéile. Is féile ealaíne agus cultúrtha í an Picnic Leictreach, agus déanfar ceiliúradh ar ár gcultúr agus teanga álainn dúchais sa Chollchoill.
Mary Kilduff, Festival Republic

Éist leis na scéalaithe agus na hamhránaithe a cruinneoidh cois tine ar imeall phríomhláthair na féile. Beidh deis agaibh freisin bhur scéalta féin a roinnt agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair.

Chonaiceamar an tionchar dearfach ar imir láithreacht na teanga agus an chultúir ar lucht freastal na féile anuraidh, agus táimid ag súil le fás agus forbairt an ardáin agus a thionchar a fheiceáíl, ach go háirithe anois go mbeidh An Chollchoill lonnaithe i bpríomhlimistéir na féile.”
Síomha Ní Ruairc, Conradh na Gaeilge

Róisín Ní Mhaoláin Ciarán Wadd Sophie Osborne ó Chonradh na Gaeilgeag seoladh CroíNaFéile don Phicnic Leictreach

An Ghaeltacht

Beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála Ghaeltachta ag Picnic Leictreach, a bheidh ag filleadh i ndiaidh a chéad bhliain rathúil ag an bhféile anuraidh.

Beidh béim ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa cheantar i mbliana, le háiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair - agus an domhan! - a choinneáil glan. Cuirfear siamsaíocht agus ceardlanna ar fáil sa láthair champála i mbliana chomh maith, le ióga maidine agus ceantar speisialta bláthúil ina mbeidh spás do dhaoine a scíth a ligint.

Beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha na n-áitritheoirí. Ar fáil do lucht ticéad amháin. Tá clárúchán ar oscailt ón lá inniu, Luan 8 Iúil - níl ach líon teoranta spásanna ann. Tapaigh an deis agus cláraigh ag gaeltachtep.eventbrite.ie

Tá na ceantair nua seo ag cur le láithreacht na Gaeilge ag an bPicnic anuas ar an gceol agus siamsaíocht den scoth a bhíonn ar fáil chuile bhliain sa Phuball Gaeilge atá lonnaithe sa Mindfield, i gcomhpháirt le Raidió na Life, Raidió Fáilte, An Cabaret Craiceáilte agus Glór na nGael.

I gcaitheamh an tsamhraidh, tá foireann Chonradh na Gaeilge tar éis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag cuid de na féilte is mó in Éirinn - ag Body & Soul, ag Kaleidoscope, agus anois ag Electric Picnic, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil d’Fhéile na Gealaí i nGaeltacht Ráth Chairn. Tá aiseolas dearfach faighte againn agus is álainn an rud é cloisteáil go bhfuil tionchar spreagúil á imirt ag #CroínaFéile ar an phobal.”
Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Róisín Ní Mhaoláin Sophie Osborne Ciarán Wadd ag seoladh CroíNaFéile don Phicnic Leictreach

Tá Croí na Féile á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le cúnamh Fhoras na Gaeilge.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.