Tacaíocht tugtha ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga do chearta Gaeilge ó thuaidh

Litir tacaíochta, sínithe ag 11 Coimisinéir Teanga, faighte ag Conradh na Gaeilge ar son Acht Gaeilge agus a mholann bunú Oifig Coimisinéara ó thuaidh

Bunaíodh Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i mBaile Átha Cliath in 2013 agus 11 coimisinéir teanga mar bhaill ann, ón Chatalóin go Ceanada, Éire go dtí an Bhreatain Bheag. Tá sé luaite i misean na heagraíochta go sonrach gur mian leo “cearta, comhionannas agus éagsúlacht i gcúrsaí teanga ar fud an domhain a chur chun cinn… trí chomhairle agus cúnamh a thabhairt agus oifigí Coimisinéirí Teanga á mbunú.” Tá an litir sínithe d’aonghuth ag gach ball den eagraíocht idirnáisiúnta seo agus bronnadh ar Chonradh na Gaeilge é le déanaí.

Luaitear, i measc nithe eile sa litir:

‘[go bhfuil sé]... i measc ár gcuid cuspóirí “tacaíocht a thabhairt do na réigiúin ar mian leo coimisinéir teanga a bhunú nó a gcearta a chur chun tosaigh”... Feictear dúinn gur féidir le Coimisinéirí Teanga a bheith lárnach sa bpróiseas a bhaineann le teanga atá á labhairt ag mionlach a chosaint agus a chaomhnú. Ceann de na luachanna is tábahchtaí atá againn mar eagraíocht ná go mbeadh Coimisinéirí Teanga neamhspléach agus iad ag comhlíonadh a ndualgas.’ 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:
“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an litir tacaíochta seo ó Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga agus is mian linn buíochas a ghabháil le gach ceann den 11 coimisinéir as ucht a gcuid tacaíochta agus comhairle agus muid ag plé leis an fheachtas ar son chearta teanga ó thuaidh. Ní ceist í an reachtaíocht teanga a bhaineann linn ó thuaidh amháin. Is éisceacht muid sa phictiúr idirnáisiúnta. Tá reachtaíocht teanga ar fáil ar fud na n-oileán seo agus go deimhin ar fud na cruinne. Déanann Coimisinéirí mar seo na teangacha atá faoin a gcúram a chosaint agus a chur chun cinn agus cinntíonn siad go mbíonn seirbhísí sásúla ar fáil do phobail na dteangacha sin. Tríd an stádas neamhspléach a bhíonn ag na Coimisinéirí teanga, cinntíonn siad go mbaintear na teangacha seo amach as aon chomhthéacs míchothrom nó leatromach polaitiúil. Tá sin de dhíth orainn níos práinní anois ná riamh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:
“Athdhearbhaíonn sárthacaíocht Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga agus a mbaill an tacaíocht fhorleathan, go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, atá ann d’Acht Gaeilge anseo, ó thromlach na gComhaltaí, 5 pháirtí, Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe. Gealladh Acht Gaeilge dúinn i gComhaontú Chill Rìmhinn sa bhliain 2006. Is comhráthóirí iad Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann den Chomhaontú sin, agus tá sé de dhualgas orthu feidhmiú an ghealltanais seo a chinntiú. Éistimis leis na saineolaithe. Bíodh aon reachtaíocht bunaithe ar ghá teangeolaíoch, caighdéain na gcearta daonna, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin fud fad na cruinne.”

 Is féidir theacht ar an litir ó Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga anseo nó ag bun an ríomhphoist seo:
https://cnag.ie/images/GaelV%C3%B3ta/2019_Toghchain/Litir_Coimisineiri.pdf

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge