Tacaíocht leathan ar son éilimh phobal na Gaeilge do na toghcháin áitiúla ó thuaidh

Tugann réimse páirtithe tacaíocht do chur chun cinn na Gaeilge sna Comhairlí Áitiúla agus #GaelVóta seolta ag Conradh na Gaeilge inniu

San iomlán, tá 6 pháirtí ó thuaidh ag teacht le héilimh #GaelVóta ar son chur chun cinn na Gaeilge sna toghcháin áitiúla ó thuaidh. Tá tacaíocht faighte ag Conradh na Gaeilge ón Alliance, Aontú, SDLP, Sinn Féin, PBP agus Green Party chun go mbeadh polasaí Gaeilge sna comhairlí áitiúla ó thuaidh, polasaí a chinntíonn dualgas na Comhairle i leith na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus a luann gníomhartha maidir leis an ‘ghníomh dhiongbháilte’ a chumhdaíonn an Ghaeilge faoi mar a luaitear i gComhaontú Aoine an Chéasta. Is bunphrionsabal de chuid aon pholasaí den chinéal seo sna comhairlí ó thuaidh go mbeartaítear le dul i ngleic le claontacht agus caonfhulaingt agus le feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá tacaíocht leathan ann fosta ó réimse páirtithe do shéirbhísí Gaeilge bheith ar fáil do phobal na Gaeilge sna comhairlí áitiúla ó thuaidh a chlúdaíonn ról an Oifigigh Ghaeilge sna comhairlí. Luaitear sna héilimh fosta gealltanas maidir le tuilleadh feiceálachta don teanga trí tacú le polasaí forásach comharthaíochta don Ghaeilge sna comhairlí a éascaíonn rogha an chonaitheora le beartas cothrom agus daonlathach.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

“Tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil an oiread sin tacaíochta léirithe ag na páirtithe don Ghaeilge sna toghchain áitiúla ó thuaidh. Tá sé suntasach go bhfuil 6 pháirtí ag aontú gur chóir go mbeadh polasaí Gaeilge ag gach comhairle agus go bhfuil siad chun gníomhú leis sin a bhaint amach. Ní amháin sin, ach tá formhór de na páirtithe sin ar son seirbhísí agus comharthaíochta Gaeilge a bheith ar fáil ó gach comhairle. Thacódh sin de chur chuig go mór mór leis an bpobal áitiúil atá ag úsáid agus ag cur na Gaeilge chun cinn gach lá.”


Ciarán Mac Giolla Bhéin, Advocacy Manager, Conradh na Gaeilge, said:

“Leagtar na beartais thuasluaite amach i dtuarascáil imscrúdaithe de chuid Chonradh na Gaeilge, i gcomhar leis an CAJ agus Ollscoil Uladh, ‘Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge: Creatlach Comhlíonta’, a sheol Coimisinéir Teanga na Breataine Bige níos luaithe i mbliana. Is bunchlocha aitheanta iad na beartais seo chun comhlíonadh na ndualgas idirnáisiúnta a chinntiú sna comhairlí áitiúla, de réir mar a leagtar iad amach sna conarthaí agus sna huirlisí idirnáisiúnta seo a leanas: An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (2001), An Creat- Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, Comhaontú Aoine an Chéasta (1998), Comhaontú Chill Rìmhinn (2006). Cinntíonn na beartais seo agus iad curtha i gcrích go mbeidh na comhairlí ag feidhmiú de réir an dlíthe idirnáisiúnta agus go ndéantar an Ghaeilge sna comhairlí a chosaint agus a chur chun cinn. Gabhann Conradh na Gaeilge buíochas leis na páirtithe atá ag tacú leis na héilimh seo agus muid ag súil le bheith ag bualadh leo ar fad sna laethanta agus sna seachtainí atá amach romhainn chun na beartais seo, agus chun breis chomhoibrithe ar son na Gaeilge, a phlé agus a fhorbairt ag dul chun tosaigh.”

Is féidir theacht ar eolas breise maidir leis na héilimh #GaelVóta 2019 #LE19 agus freagraí na bpáirtithe ag www.cnag.ie/gaelvota. Tá liosta eolais ceangailte fosta ag an nasc seo

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge