Skip to main content

Clár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha molta ag Conradh na Gaeilge le cur i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh ar maidin go gcuirfear tús le Clár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha i 22 scoil agus ionad luathoideachais i mí Mheán Fómhair. Ciallaíonn cur i bhfeidhm an chláir páirt-tumoideachas seo go mbeidh corpoideachas agus ábhair eile á dteagasc trí Ghaeilge sna scoileanna a bheidh páirteach sa scéim.

Mhol Conradh na Gaeilge an páirt-tumadh seo i 2008 a bheith mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus in 2015 mholamar go mbeadh sé mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge. Tá brú leanúnach curtha ag an eagraíocht ar an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ar Roinn na Gaeltachta le breis is 10 mbliain anuas leis seo a bhaint amach.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn;
“Bhíomar sásta nuair a cuireadh san áireamh an moladh seo uainn, go mbeadh ábhair eile leithéidí an chorpoideachais á múineadh trí mheán na Gaeilge, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge. Leanamar leis an mbrú le cinntiú go bhfeidhmeodh an Rialtas ar an moladh agus táimid an-sásta go bhfuil sé fógartha inniu go mbeidh tús á chur le Clár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha i 22 scoil agus ionad luathoideachais i mí Mheán Fómhair.

Beidh coiste ag stiúradh na scéime seo, agus feictear dúinn gur chóir go mbeadh ionadaíocht ón bpobal ar an gcoiste sin.  Is éileamh é seo a tháinig ón bpobal, agus ba cheart go mbeadh a n-ionchur agus a nglór le cloisteáil agus an scéim seo á fhorbairt.”

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr. Niall Comer;
“Cuireann muid fáilte roimh an dul chun cinn agus roimh an bhua seo.  Léiríonn sé gur fiú stocaireacht a dhéanamh agus mianta an phobail a chur chun cinn, agus gur féidir na spriocanna atá againn a bhaint amach.

Ar ndóigh is gá aitheantas a thabhairt do Ghael-Taca i gCorcaigh, freisin, as an obair le cúpla bliain anuas atá ar siúl acu féin chun an bpáirt-tumoideachas a chur i bhfeidhm, beag beann ar tacaíocht ón Rialtas. B’fhiú don Rialtas taithí Gael-Taca a thógáil san áireamh sa Chlár nua seo.”

Cuirfear tús leis an gClár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha i scoileanna luathoideachais fud fad na tíre ó thús na scoilbhliana 2019/2020. Coinneoidh an Conradh súil ar dul chun cinn an Chláir go leanúnach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.