Skip to main content

Suas le 1,000 freagra bailithe agus bronnta ag mic léinn ar chomhairliúchán Ollscoil na Banríona i dtaobh cheist na comharthaíochta Gaeilge

 

Agus próiseas comhairliúcháin críochnaithe inniu ag Ollscoil na Banríona ar an ‘Polasaí comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta’, tuigtear go bhfuil suas le míle freagra bailithe ag Cumann Gaelach na hOllscoile agus gníomh soiléir á lorg chun comharthaíocht Gaeilge ar an champas a thabhairt isteach arís.

Deir Naoise Ó Cuilín, An Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona:

Cé nach raibh an comhairliúchán seo oscailte ach ar feadh coicíse, ábhar buairimh dúinn  a chuir muid in iúl don Ollscoil inniu, d’éirigh linn suas le 1,000 síniú a fháil ar aighneacht agus ar achainí de chuid an Chumainn Ghaelaigh in  Ollscoil na Banríona. Tá muid ag plé go mór fosta le grúpaí teangacha agus le pobail eile san Ollscoil agus tá tacaíocht leathan faighte againn ó na cumainn sin inniu chun go mbeidh comharthaíocht dhátheangach curtha ar ais san Ollscoil, rud nach raibh againn ó bhí 1997 ann nuair a baineadh anuas an Ghaeilge gan chúis gan cheart.

Ní raibh aon rudsa pholasaí roimhe seo a chuireann ‘comhionnanas’ nó ‘éagsúlacht’ i dtaobh na Gaeilge nó pobal na Gaeilge chun cinn. Cheistigh muid sin inniu agus tabharfaidh muid dúshlán na hOllscoile ar an cheist seo arís agus arís eile. Ba cheart don Ollscoil treoir na saineolaithe a chur i bhfeidhm sa chás seo, agus moltaí Choimisiún um Chomhionannas, na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, an fhorais mhaoirseachta um Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Mionlaigh Náisiúnta 
agus eile a chur i bhfeidhm, a chuireann in iúl go soiléir nach sáraíonn comharthaí dátheangacha cearta aon duine eile, ach go gcuireann siad le feiceálacht agus le normalú na teanga dúchais.

Molann an Cumann Gaelach go mór na mic léinn atá ag feachtasaíocht go dian le Cothrom na Féinne a bhaint amach don teanga. Bhí comharthaíocht dhátheangach in úsáid san Ollscoil suas go 1997 agus tá sé thar am don Ollscoil, i bhfianaise an bhorrtha atá tagtha ar phobal na Gaeilge sa chathair seo agus na coimitmintí áitiúla agus idirnáisiúnta i leith na Gaeilge, feiceálacht don teanga a éascú. Anuraidh rith Aontas na Mac Léinn Éireann rún ag tacú go láidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Go deimhin ghlac Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona le rún in 2017 chun tacú le hAcht Gaeilge. Is léir mar sin go dtagann an t-éileamh ar son comharthaíochta atá dátheangach ó na mic léinn agus ó phobal na hollscoile féin agus nach mór don Ollscoil freastail ar mhianta a mac léinn féin san am atá le teacht.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.