Tapaigh an deis - glac páirt! Inniu Lá na Meán Sóisialta! #LNMS19
Déanann Lá na Meán Sóisialta ceiliúradh ar an nGaeilge ar líne. Agus 6,700 teanga á labhairt ar líne, tá an Ghaeilge i measc an 100 teanga is mó a labhraítear ar an idirlíon. Tá fás agus forbairt shuntasach tagtha ar láithreacht na teanga agus gréasáin a labhraíonn an teanga ar líne, chomh maith leis na háiseanna atá ar fáil do chainteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge araon.
I measc imeachtaí eile de chuid Sheachtain na Gaeilge, beidh Lá na Meán Sóisialta á reáchtáil Dé Céadaoin seo chugainn, an 6 Márta. Ghlac na céadta daoine páirt anuraidh ar líne leis an hashchlib #LNMS19. Labhróidh painéal d'aíonna speisialta - Michael Darragh MacAuley (peileadóir Átha Cliath), Helen McHugh (Oifigeach Tionscadal Techneolaíochta Technologist, OCBÁC) and Oisín Ó Duinn (Gaelchultúr, Duolingo) ar an lá mar gheall ar láithreacht na Gaeilge ar líne.
Deir an tArd Mhéara Nial Ring;
“Is breá linn imeachtaí Gaeilge a óstáil i dTeach an Ard-Mhéara, agus bíonn fáilte roimh an teanga i gcónaí san ionad seo agus ar fud na cathrach. Is iontach an fhéile í Seachtain na Gaeilge leis an teanga a chur os comhair an phobail agus le fáilte a chur roimh chainteoirí ar chuile leibhéal - agus is iontach go léiríonn Lá na Meán Sóisialta neart na teanga ní hamháin anseo in Éirinn, ach ar fud an domhain - agus is minic a eascaíonn pobail theanga ón gcomhrá a tharlaíonn ar líne. Léiríonn sé gur teanga bheo, bhríomhar agus nuálach atá inti.”
Is iad Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; Michael Darragh MacAuley, peileadóir Átha Cliath; Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, atá ina n-ambasadóirí teanga d'fhéile na bliana seo, agus léiríonn siad na cúlraí agus caidrimh éagsúla a bhíonn ag daoine leis an teanga.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí agus clár na féile ar fáil ag www.snag.ie. Beidh an fhéile faoi lán seoil anois ón 1 - 17 Márta. Is é Foras na Gaeilge príomh-mhaoinitheoir na féile seo, le tacaíocht breise ó Energia.