Skip to main content

Teanga gan Teorainn: Seachtain na Gaeilge le Energia 2019 seolta!

Seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia 2019 le siamsaíocht sráide agus spraoi teaghlaigh ar shráideanna Mhuineachán inniu ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.  “Teanga gan Teorainn” an téama atá á phlé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana, atá feiliúnach d’fhéile idirnáisiúnta Sheachtain na Gaeilge le Energia. Beidh an fhéile faoi lán seoil anois ón 1 - 17 Márta 2019.

I mbliana, is iad Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; Michael Darragh MacAuley, peileadóir Átha Cliath; Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, atá ina n-ambasadóirí teanga don fhéile.

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge ag seoladh na féile;
“Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge ocht mbliain ó shin agus ní raibh focal ar bith agam... Thit mé i ngrá leis an teanga! Mholfainn d’éinne an Ghaeilge a fhoghlaim, más féidir liomsa é a dhéanamh is féidir le duine ar bith! Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá 'tá Gaeilge agam', gur liomsa í.. Go bhfuil sí mar chuid dom.”

Deir Amy O' Shaughnessy, Energia;
“Tá riméad orainn tacaíocht agus urraíocht a thabhairt do na himeachtaí iontacha atá beartaithe [mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia] i mbliana. Tá súil agam go n-eireoidh thar barr le Seachtain na Gaeilge i mbliana agus go mbainfidh gach uile duine an-taitneamh aisti.” 

 

Tá gach eolas maidir le himeachtaí agus clár na féile ar fáil ag www.snag.ie.  Seolfar féile Sheachtain na Gaeilge go hidirnáisiúnta i Londain sa London Irish Centre, ag tús na míosa seo chugainn, agus chéad lá na féile, ar an 1 Márta.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.