Skip to main content

Seo linn Seachtain na Gaeilge le Energia don bhliain 2019!

Beidh Seachtain na Gaeilge le Energia á cheiliúradh ón 1 - 17 Márta 2019. Fógraíodh an fhéile inniu i gCé an Adhmaid i mBaile Átha Cliath le plé dátheangach idir ambasadóirí na bliana seo - Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; Michael Darragh Macauley, peileadóir Átha Cliath; Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste.

Labhair an painéal go cuimsitheach faoina dtaithí pearsanta leis an teanga agus na cúiseanna ar ghlac siad lena róil mar ambasadóirí teanga don fhéile bhliantúil idirnáisiúnta seo.

Deir Michael Darragh Macauley, peileadóir Átha Cliath agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge; “Tá a scéal féin agus a gcaideamh féin leis an teanga ag gach uile duine, agus léiríonn Seachtain na Gaeilge an méid sin.  Tugann sí deis do dhaoine an caidreamh sin leis an nGaeilge a thosú nó a fhorbairt, agus is rud álainn é sin.”
Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge;  “Anuraidh, ghlac os cionn 750,000 duine páirt in os cionn 3,000 imeacht pobail agus scoile ar fud an oileáin agus fud fad an domhain.  Is ceiliúradh idirnáisiúnta ar an teanga atá ann agus táimid ag súil go mór leis an rath céanna a bheith ar an bhféile i mbliana.”

I measc imeachtaí na bliana seo caite bhí Lá na Meán Sóisialta, ar a seoladh na céadta giolc leis an hashchlib #LNMS18, agus reáchtáladh an mhórfhéile BEO ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.  Tuairiscíodh gur fhreastal 7,000 ar an imeacht aonair sin.

Deir Amy O’Shaughnessey, ionadaí Energia; “Táimid an bhródúil bheith ag tacú le Seachtain na Gaeilge le Energia don tríú bhliain as a chéile.  Mar chomhlacht Éireannach, tá sé tábhachtach dúinn tacaíocht ag thabhairt d'fhéilte 's tograí Éireannacha, agus is féile iontach idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a léiríonn mórtas pobail agus bród as ár dteanga agus cultúr dúchais."

Reáchtálfar seoladh náisiúnta  na féile i Muineachán Dé Sathairn seo chugainn, 23 Feabhra.  Beidh siamsaíocht agus spraoi óna 14.00, agus cuirfear fáilte roimh chách, agus roimh theaghlaigh ach go háirithe. Seolfar féile Sheachtain na Gaeilge go hidirnáisiúnta i Londain ag tús na míosa seo chugainn, ar an 2 Márta.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.