Skip to main content

Mol an Óige: Ard-Fheis na nÓg á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge don chéad uair

Don chéad uair riamh, beidh Ard-Fheis na nÓg á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, ar an 14 Feabhra 2019 i Amharclann an Gharáiste, Muineacháin.  Tabharfaidh Ard-Fheis na nÓg deis do dhaoine óga, ó scoileanna i gcúige Uladh agus Laighean, díospóireacht a dhéanamh ar cheisteanna sóisialta agus náisiúnta a bhaineann leo agus tabharfar tuairim na ndaoine óga sin san áireamh ag Ard-Fheis an Chonartha ó 22-23 Feabhra in Óstán 4 Seasons, Muineachán.

Cuirtear fáilte roimh dhaltaí sinsir Gaelscolaíochta ó Choláiste Feirste, Gaelcholáiste Oirialla, Coláiste Lú, agus Scoil Iosaef, An Domhnach Mór, freastal ar an ócáid phiolótach seo. Gheobhaidh siad blaiseadh ar chur chuige Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus ar structhúr daonlathach na heagraíochta, a cheapann agus a stiúrann plean oibre an Chonartha gach bliain.

Ag teacht le téama na hArd-Fheise i mbliana ‘Teanga gan Teorainn’, pléifear rúin a bhaineann le todhchaí cur chun cinn na Gaeilge sa tír thuaidh agus theas, na himpleachtaí a  d’fheadfadh an Breatimeacht imirt air sin agus neart eile. 

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr. Niall Comer; “Is iontach go mbeidh Ard-Fheis na nÓg ann don chéad uair i mbliana. Tugann sé deis do Ghaeil óga teacht le chéile faoi bhrat an Chonartha chun plé agus díospóireacht a dhéanamh ar ghnéithe den saol. Is iad seo na daoine a bheidh mar cheannairí i ngluaiseacht na Gaeilge agus i saol na hÉireann sna blianta atá amach romhainn agus is tábhachtach go dtugtar an t-ardán agus an deis dóibh a gcuid tuairimí a fhorbairt agus a chur chun cinn. Is scéim píolótach atá á reáchtáil againn i mbliana agus spéis againn tógáil air sna blianta amach romhainn.”

Beidh Ard-Fheis na nÓg ar siúl 10am - 2pm Déardaoin 14 Feabhra 2019 in Amharclann an Gharáiste, Muineacháin.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.