Skip to main content

Duais €1,000 bronnta ar scoileanna i ngach contae mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Tá duaiseanna á mbronnadh ar scoileanna ar fud na tíre as páirt a ghlacadh sa chomórtas Gaelfhíseán a bhí á reáchtáil mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Bhí ardchaighdeán ar na físeáin uilig sa chomórtas, agus roghnaíodh buaiteoir ó chuile chontae.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Feachtais Feasachta agus Seachtain na Gaeilge; "bhí caighdeán an-ard sa chomórtas agus iomaíocht an-gearr idir na hiarratais. Is léir gur bhain na daltaí an-taitneamh as an gcomórtas agus tá moladh mór ag dul dóibh agus do na múinteoirí ar fad a chur isteach ar comhórtas an Ghaelfhíseáin. Tá níos mó ná 10,000 duine théis páirt a ghlacadh i gcomórtais Bhliain na Gaeilge ó thús na bliana.”

I measc na mbuaiteoirí bhí Meánscoil an Chroí Naofa i gCloch na Coillte, Corcaigh. Bhronn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Feachtais Feasachta agus Seachtain na Gaeilge an seic ar an scoil in éineacht le Traolach Ó Donnabháin ó Chraobh Chloch na Coillte de Chonradh na Gaeilge agus Méara an bhaile, John Loughnane. 

Bhí ríméad ar dhaltaí i Meánscoil Chroí Naofa leis an duais a fháil. Dúirt Leona Meade, múinteoir Gaeilge sa scoil: "Táimid an-bhrodúil as an méid atá bainte amach ag na cailíní sa scoil agus duais an chontae buaite acu i gcomórtas Bhliain na Gaeilge. Tá an Ghaeilge beo bríomhar sa scoil agus bhaineamar an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa chomórtas.”

Is féidir an físeán ó Mheánscoil an Chroí Naofa agus cuid de na buaiteoirí eile a fheiceáil ar www.PEIG.ie/gaelfhisean.  Tá Bliain na Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge agus An Roinn Cultúir, Oidhreachtas agus Gaeltachta.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.