Skip to main content

Céad Phlean Teanga Contae riamh in Éirinn le seoladh i gCill Dara

 

Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhghairdeas ó chroí a ghuí le Sult na Sollán, craobh de chuid na heagraíochta, atá lonnaithe i gcontae Chill Dara, agus a seolfaidh plean teanga áitiúil amárach.  Ar an 28 Feabhra, seolfar plean teanga cúig bliana don Ghaeilge i gContae Chill Dara i Nás na Ríogh.

Is é an tAire Stáit Séan Kyne, Aire na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, a sheolfaidh an plean teanga go hoifigiúil agus beidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn agus Príomhfheidhmeannach Comhairle Contae Chill Dara, Peter Carey ina chuideachta ar an oíche. Rinneadh dhá bhliain oibre chun an phlean teanga seo a ullmhú le rannpháirtíocht ó phobal na Gaeilge áitiúla, eagraíochtaí stáit agus grúpaí deonacha atá lonnaithe sa cheantar, chomh maith le hionchur ó Chomhairle Contae Chill Dara.

Is é Contae Chill Dara an chéad chontae in Éirinn go mbeidh plean teanga don Ghaeilge acu le fís agus spriocanna soiléire, le struchtúr oibre agus liosta beartaithe ann d’fhorbairt na teanga sna blianta amach romhainn. Is 2019 go 2023 an tréimhse atá beartaithe ag lucht Chontae Chill Dara don phlean teanga seo.

Dúirt Siobhain Grogan, Cathaoirleach an choiste deonach a scríobh an plean: “Táimid dóchasach go spreagfaidh an plean seo na daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a ról féin a aimsiú chun normalú a dhéanamh uirthi.  Leagtar amach sa phlean teanga seo creatlach chun an Ghaeilge a fhorbairt i gContae Chill Dara.  Tá sé mar aidhm ag an bplean seo cabhrú leosan uile atá bainteach leis an nGaeilge i gContae Chill Dara chun chun oibriú le chéile, chun deiseanna nua a sholáthar do chainteoirí rialta is don lucht foghlamtha chomh maith.”

Dúirt Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae Chill Dara, Donncha mac Diarmada go bhfuil fás tagtha ar éileamh seirbhísí an Chomhairle Chontae trí Ghaeilge agus go bhfuil an Chomhairle Contae tiomáinte don tseirbhís seo a chur ar fáil chomh maith is gur féidir leis. "Bhí an-áthas orainn tacaíocht a thabhairt don obair atá déanta ag Sult na Sollán leis an bplean teanga agus táimid ag súil go mór ár gcuid féin a dhéanamh."

Dúirt cónaitheoir Chill Dara, an t-amhránaí agus cumadóir Paddy Casey, go bhfuil sé ag tnúth leis na deiseanna a thiocfaidh leis an bplean teanga: "Úsáidim mo chuid Gaeilge nuair a bhíonn an deis agam.  Mar thoradh ar an bplean teanga cúig bliana, cuirfear le rannpháirteachas na teanga agus beidh tuilleadh deiseanna ann dom an Ghaeilge a úsáid."
Tá Sult na Sollán, an t-eagras a scríobh an plean teanga, ag súil go n-aithneofar ceantar Na Solláin/Nás na Ríogh mar líonra ag an Roinn Cuhltúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i rith 2019.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.