Skip to main content

‘Togha gach plé’ agus ‘rogha gach rún’ – Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le teacht i gcionn a chéile an deireadh seachtaine seo i Muineachán

‘Teanga gan Teorainn’ téama na hArd-Fheise agus súil an uile dhuine ar impleachtaí an Bhreatimeachta  

Tionólfar Ard-Fheis 2019 de chuid Chonradh na Gaeilge in Óstán an Four Seasons i Muineachán an deireadh seachtaine seo, 22-24 Feabhra 2019, áit a ndéanfar plé agus díospóireacht ar na mór-cheisteanna teanga don bhliain seo amach romhainn.

Oíche Aoine, 22 Feabhra, cuirfear tús leis an Ard-Fheis le seimineár díospóireachta agus beidh ionadaithe sinsearacha polaitiúla thuaidh agus theas ag teacht i gcionn a chéile chun téama na hArd-Fheise 2019 a chiorrú, mar atá ‘Teanga gan Teorainn’. Mar chuid den phainéal cainte beidh Aengus Ó Snodaigh, TD, Sinn Féin, Catherine Connolly, TD, Neamhspleách, Dara Calleary, TD, Fianna Fáil, Patsy McGlone, SDLP, agus Seán Kyne, TD, Fine Gael, Príomhaoire & Aire Stáit na Gaeltachta Is í Gráinne McElwain, TG4 a bheas sa chathaoir ina contae dúchais le linn na hoíche. Tá cuireadh oscailte ann don ócáid seo agus cuirfear fáilte roimh chách.

Beidh deireadh seachtaine lán imeachtaí ag dul ar aghaidh agus maidin Shathairn díreoidh na craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge isteach ar na rúin Ard-Fheise. Ina measc beidh deis ag teachtaí vóta a chaitheamh chun clár oibre Chonradh na Gaeilge a threorú sa chéad thréimhse eile. I measc na rún a ndéanfar vótaí orthu, pléifear ceist na breis-infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, córas maoinithe Fhoras na Gaeilge, feachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh, polasaí oideachais do mhúineadh na Gaeilge, agus an ról a d’fheadfaí bheith ag an Ghaeilge i sochaí nua uile-Éireann, i measc go leor eile.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge: “Níl aon éalú faoi láthair ó cheist chiotach chasta an Bhreatimeachta. Níl aon éalú ó na himpleachtaí a d’fheadfadh bheith ann dúinn ar fad, nó do thodhchaí na Gaeilge amach anseo. Tagann na scórtha ceisteanna chugam i rith an ama ar an ábhar seo; Cén tionchar a bheas ag an Bhreatimeacht ar chúrsaí teanga ar an oileán seo, agus ar ár gCol Ceathracha Ceilteacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag? An ndéanfar aon difear do na Forais teanga i ndiaidh 31 Márta 2019? Agus cad é mar a rachaidh sé seo ar fad i bhfeidhm ar obair na n-eagraíochtaí náisiúnta ar nós Chonradh na Gaeilge, ar ghaelscoileanna cois teorann agus ar chraobhacha ar fud na tíre? Agus, faoi dheireadh, cén tionchar a bheas aige seo ar fad ar chúrsaí, ar cheisteanna agus ar pháirtithe polaitiúla thuaidh agus theas? Cuirim fáilte is fiche roimh phobal na Gaeilge chuig plé na hAoine agus cuireadh faoi leith roimh Chraobhacha agus bhaill de Chonradh na Gaeilge na hábhair rúin a phlé agus chun treoir a thabhairt don Chonradh don chéad bhliain eile. Is ar scáth a chéile a mhaireann muid ar fad.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge: “Tugann an Ard-Fheis deis dúinn gach bliain teacht le chéile agus fóram daonlathach a chruthú chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna is tábhachtaí inár gcuid oibre agus chun dlús nua a chur le gluaiseacht na Gaeilge trí chéile. Is iad na craobhacha agus na baill de chuid na heagraíochta fuil-bheatha gach a dhéanann muid.  Cuireann muid fáilte mhór an deireadh seachtaine seo fosta roimh na hionadaithe polaitiúla a bheas i mbun díospóireachta ar cheisteanna teanga, cearta agus Breatimeachta agus arís bronnfar an deis ar chraobhacha bheith rannpháirteach sa phlé sin trí cheisteanna a chur ar an phainéal. Táimid ag súil le Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh go náisiúnta Dé Sathairn agus leis an gcomórtas peile i bpáirt le Comhairle Uladh den CLG chomh maith. San iomlán tá muid ag súil le deireadh seachtaine thar a bheith rathúil agus le ceiliúradh ar obair na bliana ag dinnéar na hArd-Fheise nuair a thabharfar aitheantas ar leith d’obair na gcraobhacha go háitiúil fud fad na tíre le linn na bliana.

Mar aon leis na himeachtaí seo ar fad bronnfar Gradam an Uachtaráin 2019 ar Dr. Pádraig Ó Baoighill le linn dhinnéar na hArd-Fheise oíche Aoine. Bronnfar duaiseanna fosta ar chraobhacha timpeall na gCúigí ar éirigh leo barr feabhais a bhaint amach i mbliana maidir le cur chun cinn na teanga go háitiúil. Cuirfear fáilte speisialta roimh Phádraig agus roimh Chlann Mhic Ruairí, a bheas i mbun na siamsaíochta an oíche sin. Reáchtálfar Comórtas Peile, idir Fhir agus Mhná, ar an Satharn agus beidh seoladh náisiúnta de Seachtain na Gaeilge le Energia i mBaile Muineachán ar an Satharn fosta.

Tá Conradh na Gaeilge an-bhuíoch den tacaíocht agus den fháilte atá Comhairle Contae Mhuineacháin ag cur roimh an Ard-Fheis chomh maith.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.