Skip to main content

2 as 10 don Roinn Oideachais agus Scileanna

Fáilte curtha roimh an 2 ghaelscoil nua fógartha inniu ach cinneadh na Roinne gan tosaíocht a thabhairt don rogha gaelscolaíochta, ar nós atá déanta acu don ilchreidmheachas, cáinte go láidir ag Conradh na Gaeilge 

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an dá ghaelscoil fógartha inniu, Déardaoin, 20 Feabhra, do na scoil ceantair Baile an Bhóthair / An Charraig Dhubh agus Má Nuad ach tá an eagraíocht ag cáineadh na Roinne Oideachais agus Scileanna go láidir as an gcinneadh déanta acu go mbeidh an 10 scoil eile ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Tá bearna ollmhór i ngach scoilcheantar idir an líon scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus roimh mhianta tuismitheoirí don ghaelscolaíocht, de réir taighde an ESRI, agus ní dhearna cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna inniu aon difir leis an mbearna sin a líonadh. Ag an am céanna, thug an Roinn Oideachais agus Scileanna tosaíocht don ilchreidmheachas tríd an cinneadh a dhéanamh go mbeidh gach uile scoil nua ilchreidmheach (na gaelscoileanna nua san áireamh). 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Bhí deis iontach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna an rogha de ghaelscolaíocht a mhéadú agus an bearna ollmhór idir soláthar agus éileamh an phobail don ghaelscolaíocht a líonadh ach níor ghlac siad an cinneadh sin. Níl cinneadh na Roinne ag teacht le sprioc na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 an Rialtais féin go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. De réir suirbhé ESRI (2015) roghnódh 23% den phobal ó dheas gaelscoil dá bpáistí dá mbeadh ceann in aice leo ach níl ach soláthar reatha de 5% ann i measc bunscoileanna na tíre. Ní athróidh dhá scoil nua, cé go bhfuil failte rompu, sin.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is léir go bhfuil an próiseas curtha ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh faoi scoileanna nua, lochtach agus nach ndéanann sé freastail, i ndáiríre, ach ar rogha ilchreidmheachas a chur ar fáil do thuismitheoirí. Tá an ghaelscolaíocht thíos leis. Tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, ceannas a ghlacadh ar an gcóras le scoileanna nua a bhunú agus rogha na gaelscolaíochta a chur ar fáil don phobal. Táimid ag lorg cruinnithe práinneach leis chun an ábhar seo a phlé. Idir an dá linn, beidh Conradh na Gaeilge ag fiosrú na bealaí gur féidir cur i gcoinne an chinneadh lochtach a glacadh agus na bealaí gur féidir a chinntiú nach dtarlóidh a leithead de phraiseach arís.”

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.