Skip to main content

Níor chuala tú ‘Oíche Chiúin’ mar seo riamh

Canann amhránaithe ó Ghaeltacht Chonamara go dtí an gCeathrú Gaeltachta i mBéal Feirste go Cathair Bhaile Átha Cliath leagan draíochtúil den amhrán clúiteach Nollag ‘Oíche Chiúin’ le deireadh a chur le Bliain na Gaeilge 2018

Sheol Bliain na Gaeilge 2018 leagan draíochtúil de ‘Oíche Chiúin’ ar na meáin shóisialta le deireadh na bliana a cheiliúradh agus ghlac amhránaithe iontacha ar nós Sibéal Ní Chasaide, Aoife Scott, Máirtín Tom Sheáinín, JJ Ó Dochartaigh agus cór Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh páirt ann.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tógann an leagan seo de ‘Oíche Chiúin’ amhránaithe le chéile ó Ghaeltacht Chonamara go dtí an gCeathrú Gaeltachta i mBéal Feirste go Cathair Bhaile Átha Cliath agus tugann siad gabháil cheoil den scoth den amhrán. Léiríonn an físeán an líon mór de dhaoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil thuaidh agus theas sa tír seo. Is le gach duine an Ghaeilge agus tá súil againn gur thug Bliain na Gaeilge an deis leis an nGaeilge a úsáid nó a fhoghlaim níos mó. Thug sé deis dúinn chomh maith le cuid de na dúshláin is mó os comhair na teanga a phlé, go háirithe forbairt na Gaeltachta amach anseo.”

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:
“Bhí bliain den scoth againn le rannpháirtíocht an-mhór ní amháin in Éirinn ach thar lear chomh maith. San áireamh i mbuaicphointí na bliana, bhí na cinn seo a leanas:

  • Eagraíodh breis is 200 imeacht sa phobal agus thacaigh Bliain na Gaeilge leo ar fud an domhain
  • Tuairiscíodh gur ghlac 7,000 duine páirt i BEO – Bródúil agus Gaelach, mórshiúl agus féile sráide i gCathair Bhaile Átha Cliath, ar 14 Aibreán leis an teanga a cheiliúradh
  • Seoladh breis is 350,000 cóip de CEOL 2018 le hEoghan McDermott  chuige daltaí scoile ar fud na tíre. San áireamh sna ceoltóirí a ghlac páirt san albam bhí Picture This, Kodaline, Wheatus, Sibéal, Macklemore, Saoirse Ronan agus go leor leor eile
  • Bhí láithreacht meáin shóisialta ollmhór ann agus bhain an haischlib oifigiúil #Gaeilge2018 90 milliúin imprisean agus sroicheadh de 10 milliúin amach ar twitter amháin
  • Ba mór an onóir é don tionscadal go raibh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, mar éarlamh ar an mbliain agus go raibh Eoghan McDermott, RTÉ agus TG4, Bláthnaid Ní Chofaigh, RTÉ, agus Lynette Fay, BBC, mar ambasadóirí na bliana

Críochnóidh Bliain na Gaeilge le feachtas nua darbh ainm ‘An Chaint’ le daoine a mhealladh chun chaint a bheith acu le cairde, comhghleacaithe agus gaolta faoi bhreis Ghaeilge a úsáid lena chéile in 2019. Coinnigh súil amach le haghaidh na físeáin ar na meáin shóisialta thar tréimhse na bliana úra.

Bhí Bliain na Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.