Skip to main content

Halla na Cathrach Bhéal Feirste Dearg le Fearg ar son Acht Gaeilge inniu agus pobal na Gaeilge ar ais ar sráideanna ag éileamh chearta teanga ó thuaidh

Tionaíodh Halla na Cathrach i mBéal Feirste Dearg inniu mar chomóradh ar dhá bhliain d’fheachtasaíocht agus d’agóidíocht ag An Dream Dearg ar son Acht Gaeilge ó thuaidh. Anuraidh glacadh le rún i gComhairle Bhéal Feirste ag tacú leis an Acht Gaeilge agus níos moille sa bhliain glacadh le rún chun na soilse clúiteacha ar Halla na Cathrach a chur dearg ar mhaithe leis an fheachtas ó thuaidh do chearta teanga. Glacadh leis an dá rún sin a bhuí le tacaíocht leathan ón Alliance, An Páirtí Glas, Pobal Roimh Bhrabús, SDLP agus Sinn Féin.

Tháinig pobal na Gaeilge agus ionadaithe ó chuid de na páirtithe sin le chéile inniu ag Halla na Cathrach chun na cearta teanga sin a éileamh arís eile.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ionadaí An Dream Dearg:

“Dhá bhliain ó shin ar an dáta seo, 12 Eanáir 2017, tháinig an Dream Dearg chun sráide don chéaduair. Bunaíodh léirsiú an lae sin ar an chinneadh a rinne Paul Givan DUP £50,000 a bhaint ó Scéim thrasphobail Líofa. Cuireadh tús le ré úr an lá sin i lár Bhéal Feirste ar son chearta teanga ó thuaidh tríd an fheachtas #AchtAnois. Dhá bhliain ar aghaidh agus tá pobal na Gaeilge go fóill ag fanacht le bunaitheantas ón stát seo, rud a gealladh in 2006. Inniú tiontaíodh Halla na Cathrach Dearg chun ceiliúradh a dhéanamh ar an lá stáiriúil sin in 2017 agus ar an aistear iontach ar a bhfuil muid ó shin. Tá súil againn go gcuirfidh sé splanc breise le feachtas An Dream Dearg agus táimid ag súil le bliain mhór dhearg eile chun dúshlán a thabhairt don stát agus dóibh siúd a dhiúltaíonn meas agus aitheantas dár bpobal. Dúirt muid an lá sin nach stopfaidh muid leis an agóidíocht nó leis an fheachtasaíocht go dtí go mbíonn ár gcearta aitheanta go hoifigiúil anseo. Thug muid an choimitmint sin arís do phobal na Gaeilge inniu.”

“Is léiriú fisiciúil a bhí anseo ar an tacaíocht leathan atá don Acht Gaeilge; ritheadh agus glacadh le rún i gComhairle Bhéal Feirste anuraidh chun tacú leis an Acht, mar a thacaíonn Rialtas na hÉireann, Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus tromlach na bpolaiteoirí tofa ó thuaidh. Beagán ar bheagán tá ag éirí linn dul i bhfeidhm ar chodanna áirithe den stát seo, ach tá aistear maith le déanamh againn fós. Tá an t-aistear sin chomh tábhachtach leis an sprioc”.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.