Skip to main content

Comhairliúchán cothrom ag teastáil in ionad Comhairliúchán Réamhshocruithe ar na díolúintí ó staidéar na Gaeilge sna scoileanna

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD an comhairliúchán ar na díolúintí ó staidéar na Gaeilge a chur ar ceal anois agus comhairliúchán cothrom a chur ina áit

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD an comhairliúchán lochtach ar an gcóras díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge a chur ar ceal agus comhairliúchán cothrom a chur ina áit. Tá sé lochtach ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Easpa ama ag an bpobal páirt a ghlacadh ann.

Níor fógraíodh an comhairliúchán go dtí 5.00p.m. Dé hAoine, 7 Nollaig, agus tá sé le críochnú ar 11 Eanáir. Is féidir glacadh leis go bhfuil páirtithe leasmhara (ar nós príomhoidí, daltaí, tuismitheoirí, srl..) an-ghafa leis an Nollaig ag teacht agus ní bheidh ach 5 lá scoile nuair a thagann daoine ar ais san athbhliain le páirt a ghlacadh ann. Tá amhras mór ann faoin líon daoine atá fiú ar an eolas go bhfuil an comhairliúchán ar siúl faoi láthair.

  • Níor tógadh an taighde ón gCigireacht a eisíodh leis an bpáipéar comhairliúcháin san áireamh go sásúil sa cháipéis comhairliúcháin agus sna moltaí luaite ann do na ciorcláin nua.

Mar shampla, dúradh ar leathanach 78 den taighde: ‘Leagann síceolaithe SNSO ar na tairbhí a bhaineann le foghlaim an dara teanga. Teachtaireacht uileghabhálach ina fhianaise seo is ea nach mór a bheith cúramach i dtaobh gan deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ag a bhfuil RSO agus scoláirí a fhoghlaimíonn Béarla mar theanga bhreise an dara teanga a fhoghlaim i bhfianaise níos mó cleachtais chuimsithigh a bheith sna scoileanna, i bhfianaise athruithe curaclaim agus céim i dtreo foghlaim teanga chomhtháite. I dtaighde reatha atá luaite ag SNSO táthar in amhras leis, de réir dealraimh, faoi cé acu an cleachtas críonna nó éigríonna é ndíolúintí a thabhairt do scoláirí ag a bhfuil saindeacrachtaí foghlama ón dara teanga a fhoghlaim.’ Níl aon riain den mholadh seo le feiceáil sna dréacht ciorcláin nua.

  • Tá an comhairliúchán fhéin agus an modh le hionchur ón bpobal a bhailiú tríd suirbhé ar-líne an-an-teoranta; agus níl ach an suirbhé ar líne amháin ar fáil le páirt a ghlacadh ann.

Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an suirbhé ar líne ann le daoine a theorannú do na dréacht ciorcláin amháin atá curtha le chéile ag an Roinn. Níl aon áit ann chun moltaí nua a chur chun cinn, mar shampla, a laghdódh an gá le díolúintí sa thodhchaí. 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is trua go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh comhairliúchán lochtach ar cheist na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a fhógairt, 15 bliain ón chéad am ar chuir siad in iúl go raibh siad chun tabhairt faoina leithéid d’athbhreithniú, faoi dheifir agus ag an am is measa den bhliain. Táimid den tuairim go bhfuil an comhairliúchán seo réamhsocraithe agus nach iarracht réasúnta í chun ceist na ndíolúintí a phlé, moltaí éagsúla a mheas agus córas cothrom nua a chur in áit an chórais lochtaigh reatha. Tá cuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna imithe i muinín cur chuige Twitter agus 120 focal mar theorainn ar an líon focal gur féidir a scríobh ar na freagraí i Roinn 2 den suirbhé. Is masla é sin d’aon duine a bhfuil moltaí acu leis an gcóras a fheabhsú. Agus, mar eolas, tá 155 focal san fhriotal seo uaimse, 35 focal thar theorainn na Roinne!”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Tá moltaí ag Conradh na Gaeilge ar chur chuige éagsúil a d’fheadfadh fáil réidh leis an ngá le díolúintí do dhaltaí ag dul isteach sa chóras déanach agus a laghdódh an brú ar dhaltaí atá lag ag foghlaim teangacha ach níl aon áit cheart sa suirbhé le moltaí mar sin a chur san áireamh, go háirithe mar gheall go bhfuil an suirbhé bunaithe ar na dréacht-chiorcláin amháin san áireamh sa cháipéis chomhairliúcháin curtha le chéile ag an Roinn Oideachais agus Scileanna cheana féin. Ba cheart don Aire Oideachais, Joe McHugh, TD an comhairliúchán a chur ar ceal láithreach bonn agus comhairliúchán ceart cothrom a eagrú i ndiaidh na Nollaig.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.