Níl aon cheist ach go bhfuil an pobal go láidir taobh thiar den Ghaeilge: taighde nua foilsithe ag Conradh na Gaeilge
Creideann beirt i ngach triúr ó dheas agus nach mór leath ó thuaidh gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge; méadú suntasach ó 2015, dar leis an tuairisc taighde “Céard é an Scéal?” le Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirt leKantar Millward BrownagusCinnteacht, atá le seoladh inniu ag Seimineár an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna 2018, gCill Airne.
Is sraith taighde é “Céard é an Scéal?” a fhiosraíonn tuairimí an phobail i leith na Gaeilge ar fud an oileáin.
Is iad na buacthorthaí na pobalbhreithe le Kantar Millward Brown, ná:
- Creideann 66% ó dheas agus 47% ó thuaidh gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge; méadú suntasach ó 2015
- Deir 78% ó dheas agus 67% ó thuaidh go bhfuil sé de cheart go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do gach páiste, más sin a rogha.
- Deir 70% dheas agus 55% den phobal ó thuaidh gur cheart go mbeadh seirbhísí curtha ar fáil ag an Stát trí Ghaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid.
- Deir 67% ó dheas gur cheart go mbeadh ionaid Ghaeilge inár bpríomhbhailte le heolas, ranganna agus imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.
- Creideann 72% gur cheart don Stát áiseanna riachtanacha a chur ar fáil le todhchaí agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú.
Dar leis an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge;
“Tá na figiúirí seo spreagúil agus léiríonn siad tuiscint agus meas an phobail ar thábhacht na teanga. Is maith go dtuigeann daoine gur bunriachtanais iad an t-oideachas agus seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, agus tá súil againn go n-éistfidh na húdaráis le héilimh an phobail. Tacaíonn na figiúirí seo chomh maith leis an ghá le hAcht Gaeilge don phobal ó thuaidh chomh maith gan mhoill.”Anuas ar phobalbhreith Kantar Millward Brown, a cuireadh le chéile bunaithe ar fhreagraí ón bpobal ó dheas agus ó thuaidh, labhair Ursula Ní Shabhaois, StiúrthóirCinnteacht, le daoine le Gaeilge, daoine nach bhfuil Gaeilge acu, agus fostaithe earnáil na Gaeilge le tuairimí níos doimhne a bhailiú bunaithe ar thorthaí na pobalbhreithe. Tá na tuairimí sin le léamh sa tuairisc atá le seoladh inniu.
Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge;
“Tá an pobal taobh thiar den teanga de réir an taighde seo. Táimid ag éileamh ar na Rialtais, mar sin, feidhmiú láithreach agus maoiniú a chur ar fáil don phlean infheistíochta aontaithe ag 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Chruthódh an plean breis is 1,100 post, go háirtithe sa Ghaeltacht, agus chuirfeadh sé an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal”.Beidh an tuairisc ar fáil ar líne agus beidh leabhráin ar fáil ó sheastán Chonradh na Gaeilge in Óstán Gleneagle, Cill Airne, ag Oireachtas na Samhna 2018.
Tá an tuairisc iomlán ar fáil ag an nasc seo.