bliain na gaeilge 2018

Céard é an Scéal?

Níl aon cheist ach go bhfuil an pobal go láidir taobh thiar den Ghaeilge: taighde nua foilsithe ag Conradh na Gaeilge

Creideann beirt i ngach triúr ó dheas agus nach mór leath ó thuaidh gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge; méadú suntasach ó 2015, dar leis an tuairisc taighde “Céard é an Scéal?” le Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirt leKantar Millward BrownagusCinnteacht, atá le seoladh inniu ag Seimineár an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna 2018, gCill Airne.

Is sraith taighde é “Céard é an Scéal?” a fhiosraíonn tuairimí an phobail i leith na Gaeilge ar fud an oileáin.

Is iad na buacthorthaí na pobalbhreithe le Kantar Millward Brown, ná:

 
  • Creideann 66% ó dheas agus 47% ó thuaidh gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge; méadú suntasach ó 2015
  • Deir 78% ó dheas agus 67% ó thuaidh go bhfuil sé de cheart go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do gach páiste, más sin a rogha.
  • Deir 70% dheas agus 55% den phobal ó thuaidh gur cheart go mbeadh seirbhísí curtha ar fáil ag an Stát trí Ghaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid.
  • Deir  67% ó dheas gur cheart go mbeadh ionaid Ghaeilge inár bpríomhbhailte le heolas, ranganna agus imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.
  • Creideann 72% gur cheart don Stát áiseanna riachtanacha a chur ar fáil le todhchaí agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú.
Dar leis an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge;
“Tá na figiúirí seo spreagúil agus léiríonn siad tuiscint agus meas an phobail ar thábhacht na teanga.  Is maith go dtuigeann daoine gur bunriachtanais iad an t-oideachas agus seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, agus tá súil againn go n-éistfidh na húdaráis le héilimh an phobail. Tacaíonn na figiúirí seo chomh maith leis an ghá le hAcht Gaeilge don phobal ó thuaidh chomh maith gan mhoill.”

Anuas ar phobalbhreith Kantar Millward Brown, a cuireadh le chéile bunaithe ar fhreagraí ón bpobal ó dheas agus ó thuaidh, labhair Ursula Ní Shabhaois, StiúrthóirCinnteacht, le daoine le Gaeilge, daoine nach bhfuil Gaeilge acu, agus fostaithe earnáil na Gaeilge le tuairimí níos doimhne a bhailiú bunaithe ar thorthaí na pobalbhreithe.  Tá na tuairimí sin le léamh sa tuairisc atá le seoladh inniu.

Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge;
“Tá an pobal taobh thiar den teanga de réir an taighde seo. Táimid ag éileamh ar na Rialtais, mar sin, feidhmiú láithreach agus maoiniú a chur ar fáil don phlean infheistíochta aontaithe ag 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Chruthódh an plean breis is 1,100 post, go háirtithe sa Ghaeltacht, agus chuirfeadh sé an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal”.

Beidh an tuairisc ar fáil ar líne agus beidh leabhráin ar fáil ó sheastán Chonradh na Gaeilge in Óstán Gleneagle, Cill Airne, ag Oireachtas na Samhna 2018.

 

 

Tá an tuairisc iomlán ar fáil ag an nasc seo.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge