Skip to main content

Acmhainní Gaeilge agus cultúir do pháistí an diaspóra

Cultur Club 2018Ábhar teagaisc Cultúr Club agus leabhráin ghníomhaíochta do pháistí 6 – 16 bliana d’aois saor le híoslódáil anois

Beidh Cultúr Club, tionscadal idirnáisiúnta Chonradh na Gaeilge, á sheoladh ag Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, go hoifigiúil Dé Céadaoin, 3 Deireadh Fómhair 2018. Tá an chéad shraith de leabhráin ghníomhaíochta Ghaeilge agus chultúir do pháistí an diaspóra ar fáil anois ag www.cnag.ie/CulturClub.

Léiríonn an ócáid inniu ag Teach Uíbh Eachach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádála an comhoibriú a bhaineann leis an tionscadal, atá á chomhmhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach (ESP) agus trí Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Déanfaidh Niall Brugha, Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádála, an seoladh Cultúr Club a óstáil mar chuid de chlár imeachtaí na Roinne do Bhliain na Gaeilge 2018.

Bainfidh mic léinn idirnáisiúnta ó Choláiste Naomh Aindrias i mBaile an Bhóthair, Co. Átha Cliath sult as ceol beo mar chuid den seoladh agus glacfaidh siad páirt i gceardlann peannaireachta, mar shampla den chineál ceardlainne Cultúr Club a shamhlaítear go bhféadfaí a reáchtáil ar fud na cruinne.

Ag fáiltiú roimh an seoladh, dúirt an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Ciarán Cannon TD:

“Tá an Rialtas tiomanta le tacú le pobail Éireannacha ar fud na cruinne agus is ar mhaithe le féiniúlacht Éireann níos láidre a chothú i measc na nGael i gcéin, idir óg agus aosta, é Cultúr Club. Cabhróidh na leabhráin ghníomhaíochta tosaigh seo le páistí óga, Éireannacha ceangail a dhéanamh lena dteanga dhúchais ar bhealach spraíúil, spreagúil, nua, is cuma cá háit ar domhan ina bhfuil cónaí orthu i láthair na huaire.”

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD:

“Tá an-áthas ar an Rialtas tacú le Cultúr Club, tionscnamh atá faoi stiúir an phobail agus a chinntíonn go mbronnann muid teanga agus oidhreacht chultúrtha uathúil na hÉireann ar ghlúinte úra de Ghaeil óga achan áit ar domhan.

“Tá súil agam go mbíonn na hacmhainní Cultúr Club seo ina thaca luachmhar dóibh siúd atá cheana féin ag déanamh obair na gcapall ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn, sa bhaile agus i gcéin, ag spreagadh cruthaíochta agus bealaí nua leis an Ghaeilge a theagasc in achan áit.”

Bunaithe ar 12 théama den Éireannachas, tá an chéad thrí leabhrán Cultúr Club dírithe ar ghasúir na nGael i gcéin ó aois 6 – 8, 9 – 12, agus 13 – 16 bliana d’aois. D’fhorbair Conradh na Gaeilge na leabhráin ar mhaithe lena dhóthain ábhair a chur ar fáil d’éascaitheoirí áitiúla chun ceardlanna míosúla Cultúr Club a reáchtáil do pháistí ina gceantar féin áit ar bith ar domhan.

Chomh maith leis sin, cuimsíonn Cultúr Club treoirlínte céim-ar-chéim do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus d’éascaitheoirí eile ar spéis leo ceardlanna reáchtáil, mar aon le bunachar d’acmhainní úsáideacha agus ábhar teagaisc.

PerthBuíochas le maoiniú ó Ambasáid na hÉireann in Canberra agus ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, tá scéimeanna píolótacha á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge san Astráil, sa Nua Shéalainn, agus sa Bhreatain Mhór leis na leabhráin ghníomhaíochta Cultúr Club a thástáil, chun éascaitheoirí áitiúla a oiliúint, agus chun aiseolas a bhailiú níos déanaí i mbliana.

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Agus 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge á gceiliúradh againn le Bliain na Gaeilge i 2018, is tráthúil an t-am é chun tionscnamh úr, spreagúil cosúil le Cultúr Club a sheoladh againn le freastal ar an bpobal idirnáisiúnta Gaeilge fud fad na cruinne.”

“Le níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair cláraithe linn ar fud na cruinne, bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go háitiúil ina gceantar féin, ó Hong Cong go Ceanada agus ó Charn Tóchair go Cúil Aodha.”

Tá spéis sna hacmhainní Cultúr Club léirithe ag múinteoirí agus ag éascaitheoirí féideartha ó na ceithre hairde cheana féin – ó Kuala Lumpur go Singeapór sa Mhalaeisia agus ón Astráil agus ón Ind go dtí na Stáit Aontaithe agus Ceanada – agus samhlaíonn Conradh na Gaeilge go mbeidh an-tóir ar na háiseanna.

Dúirt Síne Nic an Ailí, Stiúrthóir Cultúr Club le Conradh na Gaeilge:

“Tabharfaidh Cultúr Club na hacmhainní dár gcraobhacha agus do Ghaeilgeoirí eile thar sáile chun teanga agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn i measc glúine úire de na Gaeil i gcéin.”

Áirítear gréasán de mhoil chultúrtha Ghaeilge idirnáisiúnta agus cineál Gaelscoileanna Sathairn do pháistí thar sáile san fhís fhadtéarmach atá ag an gConradh don tionscadal Cultúr Club, mar aon le pacáistí tacaíochta do thuismitheoirí nua, campaí spraoi idirnáisiúnta do ghasúir, pacáistí turasóireachta oiriúnaithe do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí fásta sna Gaeltachtaí, agus acmhainní Gaeilge do bhaill chnagaosta den diaspóra atá ag fulaingt le neamhoird chuimhne, le cabhrú leo athnascadh leis an teanga a d’fhoghlaim siad agus iad níos óige.

Mar thús, tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, d’éascaitheoirí féideartha na gceardlann agus do ghrúpaí pobail ar fud an domhain na leabhráin ghníomhaíochta agus ábhar Cultúr Club a íoslódáil in aisce ó www.cnag.ie/CulturClub chun tús a chur lena ranganna Gaeilge agus cultúir féin do ghasúir.

ÍOMHÁNNA AR FÁIL Ó:

Leon Farrell thar cheann Photocall Ireland
00 353 (0)1 6792681 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)87 6386379

TUILLEADH EOLAIS & AR FÁIL D’AGALLAMH:

Síne Nic an Ailí
Stiúrthóir, Cultúr Club, Conradh na Gaeilge
00353 (0)87 6546673 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
00 353 (0)86 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Chuir Conradh na Gaeilge tús le Cultúr Club i gcomhar le hArd-Chonsalacht na hÉireann do Hong Cong & Macau i 2016. Ó shin i leith, tá maoiniú faighte ag an tionscadal ón Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach (ESP), ó Choimisiún Fulbright na hÉireann, ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus ón gCrannchur Náisiúnta. Tá seisiúin oiliúna Cultúr Club á gcur ar fáil in aisce in Perth, in Sydney agus in Melbourne na hAstráile i mí Dheireadh Fómhair 2018, agus tá tuilleadh ceardlann beartaithe do Wellington sa Nua Shéalainn; do Ghlaschú, d’Iarthar Dunbartonshire agus do Dhún Éideann in Albain; agus do Londain i mí na Samhna 2018. www.cnag.ie/CulturClub

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá 180 craobh agus iomaí ball aonair ag an gConradh, agus bíonn gach ball ag saothrú go dícheallach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Is ar 31 Iúil 1893 a bhunaigh Eoin Mac Néill, Dúbhghlas de hÍde, agus comhghleacaithe eile leo Conradh na Gaeilge, nó The Gaelic League as Béarla. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. www.cnag.ie

Is tionscnamh pobail agus ceiliúradh ar an teanga í Bliain na Gaeilge a bhfuil breis ‘s 50 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus cultúir ag glacadh páirte ina heagrú, an Cumann Lúthchleas Gael (GAA), TG4, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus RTÉ ina measc. Tá Rialtas na hÉireann ag tacú go hoifigiúil le Bliain na Gaeilge chomh maith agus bunaíodh coiste leis an tacaíocht sin a chomhordú. Tá maoiniú don Bhliain á chur ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Fhoras na Gaeilge. Déanfar ceiliúradh ar an teanga le linn na féile trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith le linn Bhliain na Gaeilge 2018: athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; cruthaíocht na Gaeilge; beocht na teanga; rannpháirtíocht an phobail; agus luach ár nGaeltachtaí. www.gaeilge2018.ie

Bhunaigh baill den phobal Preispitéireach i mBaile Átha Cliath Coláiste Naomh Aindrias, Baile Átha Cliath (Béarla: St. Andrew’s College Dublin) in 1894. Áirítear níos mó ná 1,300 duine sa scoil agus tagann idir dhaltaí, mhúinteoirí, agus fhoireann tacaíochta na scoile as Éirinn agus as 40 tír éagsúla eile. Baineann atmaisféar idirnáisiúnta ar leith leis an scoil agus rinne Comhairle na Scoileanna Idirnáisiúnta agus Cumann Scoileanna agus Coláistí Shasana Nua araon creidiúnú ar an scoil ó 1984 i leith. www.sac.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.