Skip to main content

350,000 cóip de #CEOL2018 ag leandáil i scoileanna chomh maith le beochan dhraíochtúil le Saoirse ‘s Macklemore

350,000 cóip de #CEOL2018 ag leandáil i scoileanna chomh maith le beochan dhraíochtúil le Saoirse ‘s Macklemore

26 Meán Fómhair    |    Le seoladh láithreach    |   #CEOL2018

Tá an ócáid ​​seo críochnaithe i mbliana agus tá an clárú dúnta

Beidh CEOL 2018 le hEoghan McDermott, albam de na hamhráin is mó i mbliana, ar a gcasann amhránaithe mór le rá leaganacha Gaeilge dá gcuid ceoil, á scaipeadh ar scoileanna fud fad an oileáin mar chuid de Bhliain na Gaeilge ar maidin, 26 Meán Fómhair.  

Beidh cóip á fáil ag chuile bhunscoil, agus beidh 350,000 cóip den albam á seoladh chuig daltaí meánscoile fud fad an oileáin.  Tá rannpháirtíocht i seoladh an albaim á spreagadh le comórtas do na grianghraif is fearr roinnte leis an hashchlib #CEOL2018. Beidh ticéid chuig ceolchoirm le Picture This ar fáil do na buaiteoirí, chomh maith le deis bualadh leis na ceoltóirí.

Cuireann Saoirse Ronan agus Macklemore fáilte roimh éisteoirí ar an albam le haitheasc cumhachtach faoin nGaeilge.  Cuirfidh RTÉ 2fm an t-aitheasc seo le beochan álainn fhísiúil ar na meáin shóisialta ar maidin. Tá Gavin James, JP Cooper, John Gibbons le Soulé agus neart ceoltóirí cáiliúla eile le cloisteáil ar an albam.

Deir Saoirse Ronan, aisteoir Éireannach, a labhair ar an traic oscailte ar CEOL 2018;
“Ní cainteoir Ghaeilge mé ó dhúchas, níor fhás mé aníos á labhairt go laethúil.  Ach fós féin, tá grá domhain agam di agus tuigim, mar a thuigeann an chuid is mó d’Éireannaigh, na bealaí ina saibhríonn sí ár gcultúr agus a neartaíonn sí ár bhféiniúlacht Ghaelach.  Tá ríméid orm go bhfuil mo ghlór le cloisteáil in éineacht le glór Macklemore, a maíonn as a dhúchas Éireannach go bródúil ar fud an domhain. Tá an-áthas orm freisin go bhfaighidh chuile dhalta meánscoile leaganacha inár dteanga dhúchais de chuid den cheol Éireannach agus idirnáisiúnta is fearr ar domhan, mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Beir bua. Le grá, Saoirse.”

Eoghan McDermott, RTÉ 2FM presenter said:
“Tá an lá tagtha ar deireadh agus tá an-bhród orm go bhfuil 350,000 cóip den albam iontach seo á dtabhairt againn do dhaltaí meánscoile agus do chuile scoil trasna an oileáin.  Téigh chuig leathanach Facebook RTÉ 2FM leis an mbeochan álainn agus spreagúil a cuireadh le chéile go speisialta d’fháiltiú Shaoirse Ronan agus Mhacklemore chuig CEOL 2018. Is fiú go mór é a fheiceáil.”

Bhí CEOL 2018 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá i gcomhphártaíocht le RTÉ 2FM mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Beidh an t-albam ar fáil ar dhlúthdhiosca agus le cóid íoslódála.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.