Beidh Aisling? – mórléiriú stáitse gradamúil de shaothair nuachoimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta – á léiriú san Olympia Theatre i mBaile Átha Cliath ar an Aoine 28 Meán Fómhair mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Rachaidh sé ar chamchuairt thart timpeall na tíre i ndiaidh sin (dátaí thíos).
Léirithe agus stiúrtha ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar thuras machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona.
Curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, is léiriú eisiach é Aisling? de shaothair nua-chumtha de chuid mór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta – idir cheoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí - Mairéad Ní Mhaonaigh agus Méabh Ní Bheaglaíoch ina measc.
Tá níos mó i gceist le Aisling? ná oíche cheoil agus ealaíne áfach – spreagann agus dúisíonn sé spiorad pobail i ngach lucht féachana a fheiceann é trí bheith mar nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916. Mór-thaispeántas cultúrtha é Aisling? a fhanann glan d’aon turas ar ghnáth-leagan amach ceolchoirme stáitse. Ina áit seo, tugann Aisling? cuireadh do phobail na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ann dúinn mar phobail, le scoth an cheoil agus na healaíne nua-chumtha ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta.
Olympia Theatre BAILE ÁTHA CLIATH 28 Meán Fómhair 0818 719330 • www.ticketmaster.ie Theatre Royal PORT LÁIRGE 13 & 14 Samhain 051 874402 • Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich BÉAL FEIRSTE 16 & 17 Samhain 02890 964180 •Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. Cultúrlann Uí Chanáin DOIRE 20 & 21 Samhain 02871 264132 • Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. Halla Pobail RÁTH CHAIRN Satharn 24 & Domhnach 25 Samhain 046 9432068 • Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Cliar
Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidil Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidil/Taibheoir Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir Eoin Mac Donncha, Conamara, Damhsóir Comhaimseartha Eoin Geoghegan, Conamara, Aisteoir/Taibheoir
|