bliain na gaeilge 2018

Casadh Chomhairle Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach i dtaobh polasaí mídhleathach ‘Béarla Amháin’ i ndiaidh do chónaitheoirí Gaeilge dúshlán dlí a thabhairt inniu ag an Ard-Chúirt

‘Sampla soiléir eile den ghéarghá le haghaidh Acht Gaeilge ina bhfuil treoir agus beartas láidir i dtaobh comharthaíochta Gaeilge’ – CnaG


Tá casadh iomlán déanta ag Comhairle Aontroma agus Baile Nua na Mainistreach maidir leis an pholasaí sráidainmneacha ‘Béarla amháin’ a cuireadh i bhfeidhm ar 26 Feabhra 2018, de réir mar a fógraíodh ag an Ard-Chúirt inniu. Chuir an polasaí, a cuireadh i bhfeidhm i ndiaidh do chónaitheoirí áitiúla iarratais a dhéanamh ar son na comharthaíochta dátheangaí ar shráideanna áitiúla s’acu féin, chuir sé cosc ar aon teanga eile seachas an Béarla bheith in airde ar chomharthaíocht shráide de chuid na Comhairle. Sáraíonn an beartas sin reachtaíocht agus treoir áitiúil agus idirnáisiúnta, go háirithe An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, mar aon le míreanna Gaeilge de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cuireadh an polasaí deireanach a chuir cosc ar chomharthaíocht dhátheangach ar ceal in 1995 agus cuireadh dualgas ar na comhairlí mianta a gcuid cónaitheoirí a thabhairt san áireamh.
 

Ag an Ard-Chúirt inniu mar chuid d’athbhreithniú breithiúnach a thóg cónaitheoir áitiúil i gcoinne na comhairle, fógraíodh go bhfuil an polasaí á chur ar ceal agus á tharraing siar agus go mbeidh na costais dhlí á gclúdach ag an chomhairle sa chás seo.
 

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge: 

“Ní mór ard-mholadh a thabhairt do phobal na Gaeilge sa cheantar atá i ndiaidh feachtas iontach a chur ar bun inar tugadh dúshlán na comhairle i dtaobh an pholasaí seo. Mar thoradh ar fheachtas an phobail áitiúil is cosúil anois go mbeidh an polasaí á chur ar ceal ag an chomhairle. Tá moltaí leanúnacha déanta ag Conradh na Gaeilge ina n-éilítear cur chuige comónta tras-chomhairle i dtaobh na comharthaíochta dátheangaí. Ba cheart go mbeadh an cinneadh sin bunaithe ar phobalbhreith déanta go háitiúil agus go daonlathach agus go simplí ar mhóramh freagróirí a bheith ann atá i bhfách leis na comharthaí chur in airde. Léiríonn an cás seo, cosúil le go leor eile, an géarghá le hAcht Gaeilge ina dtugtar treoir agus soláthar láidir i dtaobh na comharthaíochta Gaeilge, atá aitheanta mar ghné lárnach de reachtaíocht teanga ar fud na cruinne. Ná déanaimis dearmad gur comharthaíocht dhátheangach atá i gceist anseo, ar a mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh, cur chuige atá fréamhaithe sa Bhreatain Bheag, in Albain, i gCeanada agus go leor tíortha eile nach iad.”


Deir Gráinne Ní Ghilín, cónaitheoir sa cheantar comhairle a luaitear leis an fheachtas:

"Mar thoradh ar ghearán a rinne cuid den phobal áitiúil, mé féin na measc, de dheasca impleachtaí an pholasaí seo ar an teanga, chuir Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle in iúl dúinn gur cheap sise go raibh an beartas seo “dleathach agus comhréireach”. Dornán seachtainí ar aghaidh, agus an cás anois os comhair na cúirte, is léir nach sin an tuairim atá acu a thuilleadh. Cé go gcuireann muid fáilte roimh an chinneadh seo an polasaí a chur ar ceal, is ábhar imní dúinn go fóill an dóigh a ndearnadh neamhaird ar mhianta phobal na Gaeilge, íocóirí rátaí, roimhe seo agus an dóigh a gcaithfear linn amach anseo agus polasaí nua á chur le chéile ag an Chomhairle. Thug an Príomh-Fheidhmeannach le fios fosta sa fhreagra a chuir sí chugainn go nglacann siad dáiríre leis na dualgais atá orthu i dtaobh na Cairte Eorpaí. Iarrann muid ar an Chomhairle, mar sin, beartais shoiléire Chomhairle na hEorpa a chomhlíonadh agus iad ag plé le comharthaíocht dhátheangach amach anseo.”


Deir Niall Murphy, ó KRW Law:

“Léirigh a thit amach san Ard-Chúirt inniu go raibh an ceart ag ár gcliant a buaireamh a chur chun tosaigh chun na cúirte inniu maidir le polasaí sráidainmneacha na comhairle seo bheith mídhleachtach. Mar chuid den chás, mhaígh muid gur sháraigh polasaí na cúirte Ord an Rialtais Áitiúil 1995, alt 14 den Cháirt Eorpach, agus Comhaontú Aoine an Chéasta araon, agus go raibh gníomh leatromach ar bun ag an chomhaire ar bhonn ábhar creidimh, claonadh polaitiúil mar aon le féiniúlacht chultúrtha agus nár cuireadh cúrsaí comhionannais san áireamh mar is ceart agus an polasaí seo á ullmhú. Mhaígh muid fosta nach ndearnadh an próiseas comhairliúcháin ceart fosta. Is cúis aiféala dár gcliant é fosta gur cuireadh airgeadh cáiníocóirí amú sa chás seo agus an dualgas anois ar an Chomhairle iomlán na gcostas dlí a chlúdach, go háirithe le linn tréimhse inar ardaíodh rátaí sa cheantar comhairle le 3%.

CRÍOCH

Is féidir cóip den ghearán a chuir Conradh na Gaeilge chuig Comhairle Aontroma agus Baile Nua na Mainistreach 20 Márta 2018 a léamh anseo: http://docdro.id/iHfgeae

Is féidir cóip den ghearán a chuir CAJ chuig Comhairle Aontroma agus Baile Nua na Mainistreach 14 Márta 2018 a léamh anseo: https://bit.ly/2BY7fET  

Is féidir comhfhreagras / freagra ón Chomhairle chuig cónaitheoir áitiúil, seolta 4 Meitheamh 2018, a léamh anseo: https://bit.ly/2N0CaEU

 

TUILLEADH EOLAIS:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh
Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge
00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge