Skip to main content

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar An Post seirbhís Shásúil Ghaeilge a chinntiú don Ghaeltacht

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar An Post seirbhís Shásúil Ghaeilge a chinntiú don Ghaeltacht

Tá baol ann do sheirbhís thábhachtach Gaeltachta sa phróiseas iomarcaíochta fógartha ag An Post a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air go ndúnfaí go leor oifigí post sa Ghaeltacht i measc an 159 atá deimhnithe le dúnadh.

Is léir don Chonradh ón eolas roinnte ag An Post ar an ábhar seo nach raibh cúrsaí sochtheangeolaíochta tógtha san áireamh sa phróiseas seo.  Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar An Post, ar an Aire Roinn Chumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus ar an Rialtas trí chéile a chinntiú go soláthrófar seirbhís shásúil post trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus chuige sin nach ndúnfar oifigí poist atá riachtanach don Ghaeltacht, go háirithe leis an bpróiseas pleanála teanga ar siúl.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “An bhuairt is mó atá againn ná nach mbeidh seirbhís shásúil Ghaeilge á chur ar fáil do phobal na Gaeltachta mar thoradh ar an gcinneadh seo agus go mbeidh infreastruchtúr na Gaeltachta níos laige dá bharr.  Tá An Post i ndiaidh a chur in iúl nach mbeadh aon duine níos faide ná 15km ó oifig phoist faoi na socruithe nua, ach níl siad tar éis aon chinnteacht a thabhairt go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil go sásúil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Tá Conradh na Gaeilge ag fiosrú an phróisis achomhairc faoi láthair agus ba bhreá linn a chloisteáil ó aon phobal Gaeltachta atá ag dul i mbun gnímh leis an oifig phoist a chosaint. Chomh maith leis sin, tá cruinniú lorgtha againn le Príomhfheidhmeannach An Post agus táimid ag súil le páirt a ghlacadh sa phlé a bheidh ar siúl ag polaiteoirí sa Dáil maidir leis an gceist seo.”

Beimid ag comhoibriú agus ag tacú amach anseo leis na grúpaí áitiúla sa Ghaeltacht chun cinntiú go mbeidh seirbhís phoist ar fáil acu trí Ghaeilge.  



TUILLEADH EOLAIS:


Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha
Bainisteoir Abhchóideachta Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401  | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.