Skip to main content

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh Phlean Gníomhaíochta 2018–2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Dgy_GmTW4AARuT2.jpg

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta 2018–2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a sheol Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, TD, in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu.  

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Cuireann an Conradh fáilte faoi leith roimh na beartais i bPlean Gníomhaíochta 2018–2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le tús píolótach a chur le páirt-tumoideachis i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, le scéim scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí ar mhíbhuntáiste do na coláistí samhraidh, agus le maoiniú breise a chur ar fáil do chláir oibre Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus eile.Is maith go bhfuil spriocanna soiléire leagtha amach sa phlean gníomhaíochta seo agus go bhfuil dátaí luaite leo, rud a éascóidh an próiseas le monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm.   

Tá súil ag an gConradh go mbeidh na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann le gach beartas leagtha amach sa phlean seo a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 

Tá go leor le moladh sa phlean seo. I measc na ngníomhartha sa phlean, beidh soláthar déanta le lárionaid Gaeilge a chur ar bun ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá deimhniú agus tiomantas an Rialtais deimhnithe arís sa phlean le deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh 2021 agus Acht Gaeilge a bhaint amach do na 6 chontae. 

Is cinnte go mbeidh deiseanna nua ann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag éirí as cur i bhfeidhm an phlean seo. Ní amháin go mbeidh go leor deiseanna fostaíochta ann do chainteoirí Gaeilge ach beidh soláthar breise déanta ar chearta teanga an phobail. Coinneoidh an Conradh ag brú leis na deiseanna agus na cearta san áireamh sa phlean seo agus na cinn nach iad nach bhfuil san áireamh ann a bhaint amach.”

Tá Conradh na Gaeilge ag súil len ár ról a imirt sna gníomhartha luaite linn sa phlean agus gníomhartha eile i bpáirt leis an Rialtas agus comhpháirtithe eile.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.